13 Agus nuair a chonaic an Tiarna í, thug sé trua di, agus dúirt léi, “Ná bí ag caoineadh.”
14 Agus tháinig sé gur leag sé a lámh ar an gcróchar, agus sheas na fir a bhí á iompar. Agus dúirt sé. “A óigfhir, deirim leat, éirigh.”
15 Agus d'éirigh an marbhán ina shuí, agus chuaigh a chaint. Agus thug Íosa i lámha a mháthar é.
16 Thit eagla orthu uile go léir; agus thug siad glóir do Dhia, agus é á rá acu, “Tá mórfháidh d'éis éirí eadrainn,” agus, “Tá Dia i ndiaidh dearcadh ar a dhaoine féin.”
17 Agus leathnaigh an t‑iomrá faoi ar fud Iúdaea agus na ndúichí uile ina thimpeall.
18 D'inis deisceabail Eoin na nithe sin uile d'Eoin.
19 Agus ghlaoigh Eoin ar bheirt dá dheisceabail gur chuir chuig an Tiarna iad leis an teachtaireacht seo, “An tú an té atá le teacht, nó an bhfuilimid ag feitheamh le duine eile?”