24 Nuair a bhí teachtairí Eoin imithe ar shiúl, chuaigh sé ag caint leis na sluaite i dtaobh Eoin: “Cad é an fáth a ndeachaigh sibh amach ar an bhfásach? An le hamharc ar ghiolcach á séideadh le gaoth?
25 Ach cad é a chonaic sibh nuair a chuaigh sibh amach? An fear é a raibh éadaí míne air? Ach an dream úd a bhíos gléasta go galánta is i gcúirteanna ríthe a mhaireann siad siúd.
26 Cé mar sin arbh fhiú daoibh dul a fhéachaint air? An fáidh é a bhí ann? Deirim libh gurb ea, agus gur mó arís ná fáidh é.
27 Mar is é sin an té a bhfuil sé scríofa faoi,‘Siúd mé ag cur mo theachtaire ar do bhéala,an té a réiteos do shlí romhat.’
28 Agus tá mise ag insint daoibh nach raibh aon mhac ag aon mháthair riamh ba mhó ná Eoin; ach ní fhágann sin nach mó ná é an té is lú i ríocht Dé.”
29 (Agus d'admhaigh na daoine uile, go fiú bailitheoirí na gcánacha, a bhí i ndiaidh an chaint sin a chluinstin uaidh nach raibh Dia ach ag baint a cheart amach orthu agus iad á mbaisteadh le baiste Eoin;
30 ach na Fairiséigh agus na scríobhaithe, ba iad an dream nach ngéillfeadh do dhea-thoil Dé agus nár lig d'Eoin a mbaisteadh).