16 “Ní gnách le haon duine, nuair a bhíonn an lampa lasta aige, a dhalladh le soitheach, nó a chur faoin leaba, is ar sheastán a chuireas sé é, ionas go mbí an solas le feiceáil ag a dtagann chun an tí.
17 Mar ní chuirtear ní i bhfolach nach nochtfar, mar níl rún ann nach mbeidh ar eolas agus nach bhfionnfar.
18 Tugaigí aird mar sin cad é mar éisteann sibh; mar cuirfear ní leis an té a bhfuil aige, agus bainfear an ní a shíleas sé atá aige den té sin féin nach bhfuil ní aige.”
19 Ba ansin a tháinig a mháthair agus a dheartháireacha chuige, ach níor fhéad siad a shroicheadh de bharr an tslua.
20 Agus insíodh dó, “Tá do mháthair agus do dheartháireacha ina seasamh amuigh, ag iarraidh teacht ar d'amharc.”
21 Ach is é a dúirt sé leo, “An dream a chluineas briathar Dé agus a chuireas i ngníomh é, is iad mo mháthair agus mo dheartháireacha iad.”
22 Aon lá amháin chuaigh sé ar bhád é féin agus a dheisceabail, agus dúirt sé leo, “Téimis go dtí an taobh thall den loch.” D'imigh siad leo mar sin,