26 Ba ansin a shroich siad tír na nGeraséanach, atá thall os comhair Ghalailí.
27 Agus ní raibh sé ach ag cur a chos ar an talamh nuair a tháinig fear ón gcathair ina airicis a raibh deamhain ann; b'fhada ó chaith sé éadaí, agus ní i dteach a bhí a chónaí ach i measc na dtuamaí.
28 Nuair a chonaic sé Íosa, lig sé béic as agus thit sé ar a bhéal roimhe, agus dúirt sé in ard a chinn, “Cad é an bhaint atá agat liom, a Íosa, a Mhic an Ard-Dé? Mar achainí ort é, ná bí do mo chéasadh.”
29 Mar bhí ordaithe aige don sprid neamhghlan teacht amach as an bhfear. (Ba mhinic dó breith air; agus coinníodh faoi choimeád é, agus ceanglaíodh i slabhraí agus i ngeimhle é, ach bhriseadh sé an ceangal agus thiomáineadh an deamhan amach ar an bhfásach é.)
30 D'fhiafraigh Íosa de ansin, “Cad é an t‑ainm atá ort?” Agus d'fhreagair sé “Léigiún”; mar b'iomaí sin deamhan a bhí i ndiaidh dul isteach ann.
31 Agus d'iarr na deamhain mar achainí ar Íosa gan a ordú dóibh dul amach sa duibheagán mór.
32 Anois bhí tréad mór muc ag innilt ansin ar shleas an chnoic; agus chuir siad a n‑impí air ligean dóibh dul isteach iontu siúd. Agus thug sé an cead sin dóibh.