3 agus Ióánna bean Chúsa, báille Iorua, agus Súsanna, agus mórán eile, ag soláthar dóibh as a raibh acu.
4 Agus nuair a chruinnigh mórshlua le chéile, agus nuair a bhí daoine ag teacht chuige as gach baile d'éis a chéile, dúirt sé i bhfáithscéal:
5 “Síoladóir a chuaigh amach a chur síl; agus nuair a bhí sé á chur, thit cuid de ar fud an chosáin, agus bhíothas ag gabháil de chosa air, agus bhíodh éanlaith an aeir á shlogadh.
6 Agus thit cuid de ar an gcarraig; agus níl cuid dár fhás nár fheoigh as ó nach raibh a shá uisce aige.
7 Agus thit cuid de i measc na ndriseog; agus d'fhás na driseoga aníos ina chuideachta gur thacht siad é.
8 Agus thit cuid de in ithir mhaith gur tháinig fás faoi, agus gur thug sé a chéad oiread.” Agus nuair a bhí sin ráite aige dúirt sé in ard a chinn, “An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé.”
9 Agus nuair a d'fhiafraigh a dheisceabail de cad é ba chiall don fháithscéal sin,