47 Agus nuair a chonaic an bhean nárbh fhéidir a ceilt níos faide, tháinig sí agus í ar aon bhall creatha, agus thit síos roimhe gur fhoilsigh i láthair an tslua cad chuige ar leag sí a lámh air, agus cad é mar a leigheasadh í ar an toirt.
48 Agus dúirt sé léi, “A iníon liom, leigheas do chreideamh thú; imigh leat faoi shíocháin.”
49 Nuair a bhí sé go fóill ag rá na cainte sin, tháinig fear ó theach an rialtóra a dúirt leis, “Tá d'iníon marbh; ná cuir a thuilleadh buartha ar an Oide.”
50 Ach nuair a chuala Íosa sin d'fhreagair sé é, “Ná bíodh eagla ort; creid amháin, agus beidh sise ar fónamh.”
51 Agus nuair a shroich sé an teach, níor lig sé d'aon duine dul isteach ina chuideachta, ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an linbh.
52 Agus bhí siad uile ag caoineadh agus ag déanamh mairgní ina taobh; ach ar seisean, “Ná caoinigí; ní marbh atá sí ach ina codladh.”
53 Agus rinne siad gáire fonóideach air, agus a dhea-fhios acu í a bheith marbh.