9 Agus nuair a d'fhiafraigh a dheisceabail de cad é ba chiall don fháithscéal sin,
10 ar seisean, “Is daoibhse a deonaíodh fios rúndiamhra ríocht Dé; ach níl sin le fáil ag an gcuid eile acu ach go fáithchiallach, ionas go bhfeice siad gan a fheiceáil, agus go gcluine siad gan a thuiscint.
11 Anois is mar seo atá an fáithscéal: Is é an síol briathar Dé.
12 An chuid atá ar fud an chosáin is é sin an dream a éisteas; agus tagann an diabhal ansin go mbaineann an briathar amach as a gcroíthe ionas nach gcreide siad agus nach slánófar iad.
13 Agus an chuid atá ar an gcarraig, sin an dream a ghabhas go háthasach leis an mbriathar chomh luath agus a chluineas siad é; ach níl an fhréamh acu siúd, ní mhaireann a gcreideamhsan ach seal, ach loiceann siad in am an chathaithe.
14 Agus an méid a thit i measc na ndriseog, sin an dream a éisteas, ach nuair a théann siad ar aghaidh tachtann imní agus saibhreas agus pléisiúir an tsaoil seo iad, agus ní aibíonn a dtoradhsan.
15 Agus maidir leis an méid atá in ithir mhaith, is é sin an dream a chluineas an briathar agus a mbíonn greim docht acu air go hionraic dea-chroíoch, agus a thugas toradh de bharr a bhfoighne.