15 Agus rinne siad amhlaidh, gur thug ar an iomlán suí.
16 Agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc, agus d'amharc sé in airde i dtreo neimhe, agus bheannaigh sé agus roinn sé iad, gur thug do na deisceabail iad lena leagan roimh an slua.
17 Agus d'ith siad uile a sá. Agus tógadh an fuílleach a fágadh, dhá chiseán déag de bhloghanna briste.
18 Agus tharla na deisceabail air agus é ag urnaí ina aonar agus d'fhiafraigh sé díobh, “Cé a deir na daoine is mise?”
19 Agus d'fhreagair siad, “Eoin Baiste; ach go ndeir dream eile gur tú Elía; agus dream eile, go bhfuil duine de na seanfháithe i ndiaidh éirithe.”
20 Agus dúirt sé leo, “Ach cé a deir sibhse is mise?” Agus d'fhreagair Peadar, “Críost Dé.”
21 Ach bhagair sé orthu agus d'ordaigh sé dóibh gan sin a insint d'aon duine,