21 Ach bhagair sé orthu agus d'ordaigh sé dóibh gan sin a insint d'aon duine,
22 agus dúirt sé “Is iomaí rud a chaithfeas Mac an duine a fhulaingt agus diúltóidh na seanóirí agus na hardsagairt agus na scríobhaithe dó, agus beifear á chur chun báis, agus á thógáil ar aiséirí an tríú lá.”
23 Agus dúirt sé le cách, “Más toil le haon duine teacht i mo dhiaidh, diúltaíodh sé dó féin agus tógadh sé a chrois air féin go laethúil agus leanadh sé mise.
24 Mar an té ar mhian leis a bheo a tharrtháil caillfidh sé é; agus an té a chaillfeas a bheo ar mo shonsa, tarrthóidh sé é.
25 Mar cad é an tairbhe do dhuine an domhan uile a ghnóthú má thagann caill air nó má chailleann sé é féin?
26 Mar an té sin a mbíonn náire air fúmsa agus faoi mo bhriathar, is faoi-sean a bheidh náire ar Mhac an duine nuair a thiocfas sé ina ghlóir féin agus i nglóir an Athar agus i nglóir na naomhaingeal.
27 Ach is fíor a deirim libh, go bhfuil cuid dá bhfuil ina seasamh thart anseo nach mblaisfidh an bás go bhfeice siad ríocht Dé.”