31 a taispeánadh sa ghlóir, agus a bhí ag caint leis faoin éag a bhí i ndán dó in Iarúsailéim.
32 Anois bhí iarraidh trom codlata ar Pheadar agus an méid a bhí leis, ach gur fhan siad ina ndúiseacht, agus chonaic siad a ghlóir, agus chonaic an bheirt fhear a sheas leis.
33 Nuair a bhí na fir ag scaradh leis, arsa Peadar le hÍosa, “A Oide, is méanar dúinn bheith anseo; déanaimis trí bhoth, both daoibhse agus both do Mhaois agus both d'Elía,” agus gan fhios aige cad é a raibh sé á rá.
34 Nuair a bhí sé á rá sin, tháinig néal anuas a raibh siad faoina scáth; agus bhí eagla orthu agus iad faoin néal.
35 Agus labhair an glór amach as an néal, á rá, “Is é seo mo Mhacsa, mo Neach tofa; éistigí leis!”
36 Agus nuair a bhí sin ráite ag an nglór, ní raibh le fáil ach Íosa amháin. Agus d'fhan siadsan ina dtost gan a insint faoina raibh feicthe acu do dhuine ar bith sna laethanta úd.
37 Chuaigh slua mór ina airicis, lá arna mhárach, nuair a tháinig siad anuas an sliabh.