33 Nuair a bhí na fir ag scaradh leis, arsa Peadar le hÍosa, “A Oide, is méanar dúinn bheith anseo; déanaimis trí bhoth, both daoibhse agus both do Mhaois agus both d'Elía,” agus gan fhios aige cad é a raibh sé á rá.
34 Nuair a bhí sé á rá sin, tháinig néal anuas a raibh siad faoina scáth; agus bhí eagla orthu agus iad faoin néal.
35 Agus labhair an glór amach as an néal, á rá, “Is é seo mo Mhacsa, mo Neach tofa; éistigí leis!”
36 Agus nuair a bhí sin ráite ag an nglór, ní raibh le fáil ach Íosa amháin. Agus d'fhan siadsan ina dtost gan a insint faoina raibh feicthe acu do dhuine ar bith sna laethanta úd.
37 Chuaigh slua mór ina airicis, lá arna mhárach, nuair a tháinig siad anuas an sliabh.
38 Agus b'shiúd fear den slua a ghlaoigh air, “A Oide, iarraim d'impí ort féachaint ar mo mhac, mar is é m'aon duine clainne é;
39 agus féach, beireann sprid air, agus ligeann sé béic as i dtobainne; agus réabann sí é go dtagann cúr lena bhéal, agus coscraíonn sí é, agus is ar éigean a fhágfaidh sí é.