47 Ach nuair ba léir d'Íosa an smaoineamh a bhí ina gcroíthe, fuair sé leanbh gur chuir ina sheasamh taobh leis,
48 agus dúirt sé leo, “Cibé a ghlacas leis an leanbh seo i m'ainmse is liom a ghlacas sé, agus cibé a ghlacas liomsa glacann sé leis an Té a chuir uaidh mé; mar is ionann an té is lú agus an té is mó céim eadraibh.”
49 Ba é an freagra a thug Eoin air, “A Mháistir, chonaiceamar an fear agus é ag díbirt deamhan i d'ainm, agus chrosamar air é, de bhrí nach leanann sé an bealach céanna linne.”
50 Ach dúirt Íosa leis, “Ná crosaigí air é; mar an té nach mbíonn in bhur n‑aghaidh bíonn sé ar bhur dtaobh.”
51 Nuair a dhruid na laethanta leo a rabhthas lena ardú go neamh, thug sé a aghaidh go daingean ar Iarúsailéim.
52 Agus chuir sé teachtairí ar a bhéala, a chuaigh roimhe isteach i mbaile de chuid na Samaratánach, le hullmhú roimhe;
53 ach ní ghlacfadh na daoine leis, as siocair a aghaidh a bheith ar Iarúsailéim.