3 tháinig briathar an Tiarna chuig Eizicéil sagart, mac Bhúizí, i dtír na gCaildéach ar bhruach na habhann Ceabár. Ba ansin a tháinig lámh an Tiarna orm.
4 D'amharc mé uaim. Bhí stoirm ghaoithe ag séideadh aduaidh, néal mór agus solas uime, tine ag spréacharnach gan stad, agus i lár na tine mar a bheadh prás ag drithliú.
5 I lár báire chonaic mé mar a bheadh ceithre ainmhí ann agus an chuma seo a leanas orthu: bhí déanamh duine orthu,
6 ceithre aghaidh ar gach aon cheann acu agus ceithre sciathán ar gach aon cheann.
7 Bhí a gcosa díreach agus a gcrúba mar a bheadh crúba gamhna ann, ag drithliú mar phrás snasta.
8 Faoina sciatháin ar na ceithre thaobh bhí lámha duine acu. Bhí a n‑aghaidheanna agus a sciatháin ag an gceathrar mar seo:
9 theagmhaigh a sciatháin lena chéile; ghluais gach ceann acu caol díreach roimhe gan claonadh óna chúrsa.