Eizicéil 4 ABN

Fáistiní na Tubaiste

Léigear Iarúsailéim á Thairngreacht

1 “A mhic an duine, glac chugat bríce agus leag romhat é agus línigh an chathair, Iarúsailéim, air.

2 Cuir léigear uirthi ansin, tóg balla léigir ina coinne, ardaigh móta cré ina coinne, tóg campaí ina coinne, agus dírigh reithí cogaidh ina coinne mórthimpeall.

3 Glac chugat oigheann iarainn agus suigh é mar bhalla iarainn idir tú féin agus an chathair; agus iompaigh ina treo agus bíodh sí faoi léigear agus tusa ag brú an léigir. Is comhartha é seo do mhuintir Iosrael.

4 “Luigh fós ar do thaobh clé agus leag pionós mhuintir Iosrael air; de réir uimhir na laethanta a luífidh tú air, iompróidh tú a bpionós.

5 Óir leag mise ort uimhir na laethanta de réir blianta a bpionóis, trí chéad agus nócha lá; iompróidh tú pionós mhuintir Iosrael an fad sin.

6 Ar a gcur siúd i gcrích duit, luífidh tú síos arís, ar do thaobh deas an turas seo, agus iompróidh tú pionós mhuintir Iúdá daichead lá. Leag mé ort lá amháin in aghaidh gach bliana.

7 Iompóidh tú d'aghaidh i dtreo léigear Iarúsailéim, nochtfaidh tú do ghéag agus tairngreoidh tú in aghaidh na cathrach sin.

8 Agus féach, cuirfidh mé cuibhreacha ort ionas nach mbeidh ar do chumas iompú ó thaobh go taobh nó go mbeidh laethanta do léigir curtha i gcrích agat.

9 “Tóg cruithneacht agus eorna, pónairí agus lintilí, muiléad agus coirce sléibhe; cuir san aon soitheach iad agus déan arán duit féin astu. Íosfaidh tú é ar feadh uimhir na laethanta a luífidh tú ar do thaobh, trí chéad agus nócha lá.

10 An bia a íosfaidh tú meáfaidh sé fiche seicil an lá; uair amháin sa lá a íosfaidh tú.

11 An t‑uisce a ólfaidh tú tomhaisfidh sé an séú cuid de hín; uair amháin sa lá a ólfaidh tú.

12 Íosfaidh tú an t‑arán amhail ciste eorna, agus é á bhruith agat os a gcomhair os cionn otrach duine.

13 An Tiarna a dúirt: ‘Mar seo a chaithfidh clann Iosrael a n‑arán salach a ithe i measc na gciníocha mar a ndíbreoidh mise iad.’ ”

14 Ansin dúirt mise: “Féach, a Thiarna Dia, níor thruailligh mise m'anam; ó m'óige aníos níor ith mé aon rud a d'éag uaidh féin ná aon rud a stróiceadh ag ainmhithe; níor tháinig feoil thruaillithe i mo bhéal ach oiread.”

15 Dúirt sé liom ansin: “Féach, tugaim duit otrach bó in ionad otrach duine; bruithfidh tú d'arán air sin.”

16 Dúirt sé liom chomh maith: “Féach, a mhic an duine, scriosfaidh mé an stór aráin in Iarúsailéim; íosfaidh siad arán a mheáfar go beacht le barr duainéise, agus ólfaidh siad uisce a thomhaisfear go gortach le barr uafáis.

17 Cuirfidh mé ar an ngannchuid aráin agus uisce iad ionas go mbeidh siad ag féachaint ar a chéile le huafás agus ag éirí spíonta óna bpionós.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48