Eizicéil 19 ABN

Fáthscéal na Leon

1 “Ach sibhse, tógaigí tuireamh ar son phrionsaí Iosrael.

2 Abraigí:‘Cad ba mháthair duit?Leon baineann i measc leon.Ina luí idir na leoin ógad'oil sí na coileáin.

3 Thóg sí coileán acu agus d'fhás sé ina leon óg;d'fhoghlaim sé breith ar an gcreach,agus thosaigh ag alpadh fear.

4 Thóg na ciníocha an gháir ina choinne,gabhadh ina bpoll é;agus thug siad le crucaígo tír na hÉigipte é.

5 Nuair a chonaic [an mháthair] í féin cloíteagus ábhar a dóchais caillte,ghlac sí coileán eile dá cuidagus thóg ina leon óg é.

6 Chuaigh sé ar a sheilg i measc na leon,d'fhás ina leon óg,d'fhoghlaim sé breith ar an gcreachagus thosaigh ag alpadh fear.

7 Scrios sé a gcaisleáinagus bhánaigh a gcathracha;scanraigh an tír agus a raibh intiag callán a bhúiríola.

8 Ghluais na ciníocha ansin ina choinneó na cúigí máguaird;leathnaigh siad a n‑eangach thairis;gabhadh ina bpoll é.

9 Ghabh siad i gcarcair é le crúcaíagus rug leo é go rí na Bablóine;chuir siad i mbraighdeanas éionas nach gcluinfí a ghlór arísar shléibhte Iosrael.’

Fáthscéal na Fíniúna

10 Bhí do mháthair amhail fíniúina cuireadh i gcóngar an uisce.

11 D'fhás an ghéag ba láidreina slat ríoga;d'fhás sí go han-ardos cionn na dtiúchraobhacha.Ba shofheicthe í ar a hairdeagus ar mhothall a duilliúir.

12 Ach réabadh as a fréamh í,teilgeadh ar lár í le fearg;seargadh a toradh ag an ngaoth anoir,chríon an ghéag láidir,dhóigh an tine í go léir.

13 Tá sí athchurtha anois san fhásach,in ithir thirim thartmhar.

14 Chuaigh tine amach ón tamhan,a dhóigh idir ghéaga agus thoradh;tá deireadh leis an gcraobh láidir,deireadh leis an tslat ríoga.’ ”Is tuireamh é sin agus glactar leis amhlaidh.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48