1 “A mhic an duine,” ar sé, “éirigh i do sheasamh agus labhróidh mé leat.”
2 Le linn dó labhairt tháinig an spiorad ionam agus chuir i mo sheasamh mé, agus chuala mé é ag caint liom.
3 “A mhic an duine,” ar sé, “seolaim thú chuig muintir Iosrael, chuig [na ceannaircigh] a d'éirigh amach i m'aghaidh. Pheacaigh siadsan agus a n‑aithreacha i m'aghaidh go dtí an lá inniu féin.
4 Is sotalach ceanndána an pobal iad fosta; seolaim chucu thú agus déarfaidh tú leo: ‘Mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia.’
5 Éistidís nó ná héistidís, tabharfar le fios don dream ceannairceach seo go raibh fáidh ina measc.
6 Ná bíodh eagla ortsa rompu, a mhic an duine; ná bíodh eagla ort nuair a deir siad: ‘Tá dealga thart ort agus scairpeanna fút.’ Ná bíodh eagla ort roimh a mbriathra ná eagla roimh a ndrochshúil, mar is ceannairceach an dream iad.
7 Cuirfidh tusa mo bhriathra in iúl dóibh, éistidís nó ná héistidís, mar is ceannairceach an dream iad.
8 “Ach tusa, a mhic an duine, éist lena ndeirim leat; ná bí ceannairceach mar an dream ceannairceach úd; oscail do bhéal agus caith siar a dtugaim duit.”
9 Agus ar dhearcadh uaim, féach, bhí lámh ansin ag síneadh i mo threo agus scrolla inti.
10 D'oscail sé é os mo chomhair agus bhí scríbhneoireacht ann ar thosach agus ar chúl, agus is é bhí [scríofa] air “caointe agus tuirimh agus marbhnaí”.