1 Tháinig briathar an Tiarna chugam arís:
2 “A mhic an duine, cuir in iúl a himeachtaí gránna do Iarúsailéim.
3 Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia le Iarúsailéim: Is de thír na gCanánach do bhunadh agus do bhreith; ba Amórach d'athair agus Hiteach do mháthair.
4 Ar bhreith duit, ar lá do bhreithe féin, níor gearradh d'imleacán, níor níodh in uisce thú le do ghlanadh; níor sailleadh thú ná níor cuireadh i gcrios ceangail thú.
5 Níor dhearc aon duine ort le trua duit, le haon ghníomh trócaire díobh seo a dhéanamh duit; teilgeadh amach thú ar an mblár folamh i d'ábhar déistine an lá a rugadh thú.
6 “Ar ghabháil tharat dom agus tú a fheiceáil i do chróluí féin, dúirt mé leat agus an fhuil umat: ‘Mair,
7 agus fás amhail féar na páirce.’ D'fhás tú, mhéadaigh agus tháinig ann duit; bhí do chíocha cumtha agus do ghruaig fásta, ach bhí tú lom tarnocht go fóill.
8 Ar ghabháil tharat arís dom d'amharc mé ort. Bhí tú aibí chun grá; leath mé beann mo chlóca ort agus chlúdaigh do tharnochtacht: sea, thug mé mionn duit, chuaigh mé i gconradh leat - an Tiarna Dia a labhraíonn - agus ba liomsa thú.
9 Ansin nigh mé thú le huisce, nigh mé fós do fhuil uait agus chuir mé ola ort.
10 Thug mé éadach bróidnéirithe duit, bróga leathair, filéad lín agus clóca síoda.
11 Sciamhaigh mé thú le hornáidí, le bráisléid thar chaolta do lámh agus slabhra faoi do mhuineál.
12 Chuir mé fáinne ar do shrón, cluasfháinní ar do chluasa agus coróin niamhrach ar do cheann.
13 Mar sin a maisíodh thú le hór agus le hairgead. Ba de líon mín agus de shíoda bróidnéirithe do chuid éadaí; plúr mín, mil agus ola a bhí mar bhia agat. D'éirigh tú an-sciamhach agus tháinig tú in inmhe banríona.
14 Craoladh clú do scéimhe ar fud na gciníocha, óir bhí sí foirfe de thairbhe na niamhrachta a bhronn mise ort - an Tiarna Dia a labhraíonn.
15 “Ach d'éirigh tú teann as clú d'áilleachta; bhain tú feidhm as do chlú le haghaidh striapachais agus dhoirt tú do dhrúis amach ar chách a chuaigh an bealach.
16 Ghlac tú de d'éadach agus chóirigh tú áiteanna arda le dathanna éagsúla de agus ba ansin a mheirdrigh tú; a leithéid ní raibh riamh agus ní bheidh arís.
17 Ghlac tú fosta na seoda gleoite óir agus airgid a bhronn mise ort; rinne tú íomhánna daonna leo ionas go meirdreofá ina gcuideachta.
18 Chlúdaigh tú iad le d'éadach bróidnéirithe agus d'ofráil tú m'ola agus mo thúis dóibh.
19 Mar an gcéanna, an t‑arán a thug mé duit, an plúr mín, an ola agus an mhil lenar chothaigh mé thú, d'ofráil tú dóibh iad mar bholadh cumhra - an Tiarna Dia a labhraíonn.
20 Lena chois sin, thug tú na mic agus na hiníonacha a rug tú domsa agus d'íobair tú dóibhsean iad lena slogadh siar. Nár leor leat do striapachas?
21 Ach thug tú anbhás do mo pháistí agus thug tú ar láimh dóibh iad mar íobairt dhóite.
22 Le linn d'imeachtaí gránna agus do striapachais níor chuimhin leat laethanta d'óige nuair a bhí tú lom tarnocht i do chróluí féin.
23 “Tharla i ndiaidh d'oilc uile - mairg agus mairg arís duit, an Tiarna Dia a labhraíonn -
24 gur thóg tú ardán agus ardionad duit féin ag gach crosbhóthar.
25 Thóg tú d'ardionad ag ceann gach sráide, ag truailliú do scéimhe agus ag méadú do striapachais trí bheith do do thairiscint féin do gach duine a théadh an bealach.
26 Mheirdrigh tú fosta leis na hÉigiptigh, do chomharsana drúisiúla; mhéadaigh tú an striapachas le mo ghríosúsa chun feirge.
27 Dá bhrí sin shín mé mo lámh amach i do choinne. Laghdaigh mé do sciar bia, d'fhág mé thú i muinín do naimhde, iníonacha na bhFilistíneach, a gcuireann do striapachas déistin orthu.
28 Mheirdrigh tú mar an gcéanna leis na hAsaírigh toisc tú a bheith doriartha; sea, mheirdrigh tú leo agus níorbh fhéidir do shásamh.
29 Mhéadaigh tú do dhrúis i dtír Chanán agus sa Chaildéa, agus leis seo fós ní raibh tú sásta.
30 “Nach lag do chroí - an Tiarna Dia a labhraíonn - leis na nithe seo, obair striapaí dána, a dhéanamh,
31 ag tógáil d'ardáin ag ceann gach sráide agus d'ardionaid ag gach crosbhóthar? Ach murab ionann agus striapach ní ghlacfá airgead.
32 Fáiltíonn banadhaltrach roimh choimhthígh in áit a céile féin.
33 Tugtar bronntanais don striapach. Ach is tusa a thugann na bronntanais do d'aos grá uile; fostaíonn tú iad don striapachas ó gach uile aird.
34 Ba neamhchosúil thú leis na mná eile sa striapachas duit: níor gríosaíodh tusa chun striapachais. Tú féin a d'fhostaigh nuair nár fostaíodh tusa. Ar an dóigh seo ba neamhchosúil leo siúd thú.
35 “Uime sin, a striapach, éist le briathar an Tiarna.
36 Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur thaispeáin tú thú féin gan náire agus go bhfacthas tarnocht thú sa striapachas le do leannáin, agus mar gheall ar d'íola agus fuil do chlainne a thug tú dóibh;
37 dá bhrí sin uile, cruinneoidh mé an t‑aos grá uile lenar ghlac tú sámhas, iadsan a thaitin agus iadsan nár thaitin leat, tabharfaidh mé le chéile os do chomhair iad ó gach aird; taispeánfaidh mé dóibh thú gan chlúid, ionas go bhfeicfidh siad thú tarnocht.
38 Tabharfaidh mé an breithiúnas ort a thugtar ar mhná a bhriseann cuing phósta agus a dhoirteann fuil, agus doirtfidh mé d'fhuil féin go héadmhar feargach.
39 Tabharfaidh mé suas thú do do leannáin, réabfaidh siad d'ardán agus scriosfaidh d'ardionaid; bainfidh siad do chuid éadaí díot, ropfaidh siad chun siúil do sheoda breátha agus fágfaidh siad thú lom tarnocht.
40 Gríosóidh siad slua i do choinne, clochfaidh siad thú, sáfaidh siad claíomh tríot.
41 Dófaidh siad do thithe agus daorfaidh siad thú os comhair na sluaite ban; tabharfaidh mé ort éirí as an striapachas agus as fostú na leannán a thuilleadh.
42 Ídeoidh mé mo chuthach ort agus imeoidh m'éad uait; ciúnóidh mé agus ní bheidh fearg orm arís.
43 De bhrí nár chuimhin leat laethanta d'óige agus gur spreag tú fearg ionam leis na nithe seo uile; dá bhrí sin, cúiteoidh mé do ghníomhartha ar do cheann féin - an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach raibh tú graosta sa bhreis ar d'imeachtaí gránna eile?
44 “Lucht seanfhocla a chur trí chéile inseoidh siad an seanfhocal seo fútsa: Ba dual máthar di.
45 Is fíoriníon le do mháthair thú, léisean a thug fuath dá céile agus dá clann; agus is deirfiúr le do [dheirfiúracha] thú, leosan a thug fuath dá gcéilí agus dá gclanna. Ba Hiteach do mháthair agus Amórach d'athair.
46 Is í an tSamáir do dheirfiúr shinsir a chónaigh lena clann iníonacha ó thuaidh uait, agus is í Sodom do dheirfiúr óg, ise a chónaigh lena clann iníonacha ó dheas.
47 Ach níor [leor leatsa] siúl de réir a ngníomharthasan ná de réir a n‑imeachtaí gránna; i gceann tamaill bhig bhí tú níba thruaillithe ná iad féin.
48 Dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní dhearna Sodom féin agus a clann iníonacha mar a rinne tusa agus d'iníonacha.
49 Ba í seo ciontacht Shodom, do dheirfiúr, agus a hiníonacha: bhí siad díomasach, craosach, tugtha don sámhas, ach níor tháinig i gcabhair ar an mbochtán ná ar an ainniseoir.
50 Ba ardnósach iad agus bhí imeachtaí gránna ar siúl acu os mo chomhair; uime sin, ar a bhfeiceáil dom scuab mé amach iad.
51 Mar sin féin níor pheacaigh an tSamáir leath chomh mór agus a pheacaigh tusa, bhí imeachtaí níba ghránna ar siúl agat ná mar bhí acusan; go deimhin chuir tú cuma na fíréantachta ar do dheirfiúracha trí mhéid na n‑imeachtaí gránna seo agat féin.
52 Fulaing do náire mar gur chlaon tú an breithiúnas i leith do dheirfiúracha; is córa iadsan ná tusa de bhrí gur pheacaigh tú níba ghránna ná iadsan. Sea, bíodh náire ort féin agus fulaing an náire gur chuir tú cuma na fíréantachta ar do dheirfiúracha.
53 “Tabharfaidh mé ar ais chucu féin Sodom agus a hiníonacha, agus an tSamáir agus a hiníonacha. Tabharfaidh mé tusa ar ais chugat féin i lár báire,
54 ionas go bhfulaingeoidh tú d'ísliú céime, go mbeidh náire ort as a ndearna tú agus go mbeidh tú i do shólás acusan.
55 Do dheirfiúracha, Sodom agus a hiníonacha, fillfidh siad ar a ndúchas; tú féin agus d'iníonacha fillfidh sibhse ar bhur ndúchas.
56 Nach raibh Sodom do dheirfiúr ina hábhar seanchais agat lá do dhíomais
57 sular foilsíodh d'olc? Tá tú anois ar aon dul léi; is díol aithise thú ag iníonacha Eadóm agus a comharsana, agus ag iníonacha na bhFilistíneach máguaird a chaitheann drochmheas leat.
58 Tá tú ag díol as do ghraostacht agus as d'imeachtaí gránna - an Tiarna Dia a labhraíonn.
59 “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Sea, roinnfidh mé leat mar atá tuillte agat, tusa a mhaslaigh an gealltanas nuair a bhris tú an conradh;
60 ach cuimhneoidh mise ar an gconradh a rinne mé leat nuair a bhí tú óg, agus bunóidh mé conradh leat a mhairfidh go deo.
61 Cuimhneoidh tú ansin ar do ghníomhartha agus beidh náire ort nuair a ghlacfaidh mé do dheirfiúracha, an sinsear agus an t‑óg, lena mbronnadh ort mar iníonacha, cé nach den chonradh leat é seo.
62 Daingneoidh mé mo chonradh leat agus tuigfidh tú gur mise an Tiarna,
63 ionas go mba chuimhin leat agus go gcuirfí cotadh ort agus go gcuirfí i do thost go deo thú de bharr do náire, nuair a mhaithfidh mise duit a bhfuil déanta agat - an Tiarna Dia a labhraíonn.”