1 Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2 “A mhic an duine, labhair le do mhuintir féin agus abair leo: Má thugaim an claíomh i gcoinne tíre ar bith, toghadh pobal na tíre sin fear dá muintir féin agus cuiridís ar garda é.
3 Má fheiceann sé an claíomh ag teacht i gcoinne na tíre, séideadh sé an trumpa leis an bpobal a chur ar a bhfaichill.
4 Má chluineann duine fuaim an trúmpa agus nach dtugann aird air, tiocfaidh a chlaíomh suas leis agus bascfaidh é. Beidh sé freagrach ina bhás féin.
5 Chuala sé an trumpa agus níor thug aird air; beidh sé freagrach ina bhás féin. Ach an fear a thabharfaidh aird, tabharfaidh sé a bheatha slán.
6 “Má fheiceann an garda an claíomh ag teacht, áfach, agus nach séideann an trumpa ionas nach gcuirtear an pobal ar a bhfaichill; agus má thagann an claíomh agus teacht suas le duine amháin acu, gheobhaidh an duine seo bás de bharr a pheaca ach beidh an garda freagrach ina bhás.
7 “A mhic an duine, tá tusa ceaptha agam mar gharda do mhuintir Iosrael; aon uair a chluineann tú focal uaimse cuir ar a bhfaichill iad thar mo cheannsa.
8 Má deirim le drochdhuine: A dhrochdhuine, éagfaidh tú gan teip; agus nach dtugtann tusa rabhadh dó iompú ó bhealach a aimhleasa, gheobhaidh an drochdhuine sin bás de bharr a pheaca ach cuirfidh mé an fhreagracht ortsa.
9 Ach má thugann tú rabhadh don drochdhuine iompú óna aimhleas agus nach n‑iompaíonn sé, gheobhaidh sé bás de bharr a pheaca ach tabharfaidh tusa do bheatha slán.
10 “A mhic an duine, abair le muintir Iosrael: Seo mar a labhraíonn tú de shíor: ‘Tá ár bpeacaí agus ár gcionta mar ualach trom orainn agus táimid ag meath mar gheall orthu. Cad é mar a fhéadaimid maireachtáil?’
11 Abair leo: ‘Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní mian liomsa bás an chiontaigh ach go n‑iompódh sé óna bhealaí agus go mairfeadh sé. Filligí, filligí ó bhur ndrochbhealaí. Cad chuige bhur ndúil sa bhás, a mhuintir Iosrael?’
12 “A mhic an duine, abair tusa le do phobal: Ní shaorfaidh a fhíréantacht an fíréan nuair a pheacaíonn sé; ní dhaorfaidh a pheacaí an peacach nuair a iompaíonn sé uathu; ní thig leis an bhfíréan maireachtáil le taca a fhíréantachta chomh luath agus a pheacaíonn sé.
13 Má deirim leis an bhfíréan go mairfidh sé cinnte, agus má dhéanann sé talamh slán dá fhíréantacht agus go bpeacaíonn, ní chuimhneofar ar aon phioc dá fhíréantacht, ach éagfaidh sé sa pheaca a rinne sé.
14 Má deirim, áfach, le peacach: ‘Tá an bás i ndán duit cinnte’; agus go n‑iompaíonn sé óna pheaca, agus déanamh mar is ceart agus mar is cóir;
15 má thugann an peacach ar ais an geall fiach, má thugann uaidh ar shlad sé, má chloíonn sé le reachtanna na beatha, ag seachaint an pheaca; mairfidh sé go deimhín, ní éagfaidh sé.
16 Ní chuimhneofar níos mó ina choinne ar pheaca ar bith dá ndearna sé; rinne sé mar is ceart agus mar is cóir, mairfidh sé go deimhin.
17 “Ach deir do phobal: ‘Tá an Tiarna ag déanamh éagóra’; nuair is iad féin a dhéanann an éagóir.
18 Nuair a thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peacú, éagfaidh sé dá bharr.
19 Nuair a thréigeann an peacach a pheacaí le ceart agus cóir a dhéanamh, mairfidh sé dá bharr.
20 Deir sibhse, áfach: ‘Tá an Tiarna ag déanamh éagóra’; ach roinnfidh mé le gach duine agaibh de réir a bhealaí, a mhuintir Iosrael.”
21 Sa dara bliain déag dár mbraighdeanas, ar an gcúigiú lá den deichiú mí, tháinig fear ar a theitheadh ó Iarúsailéim agus dúirt: “Tá an chathair gafa.”
22 Tharla go raibh lámh an Tiarna orm an tráthnóna sular tháinig an fear ar a theitheadh; bhí mo bhéal oscailte aige sular tháinig an fear an mhaidin dár gcionn. Osclaíodh mo bhéal agus ní raibh mé balbh a thuilleadh.
23 Tháinig briathar an Tiarna chugam:
24 “A mhic an duine, deir áitritheoirí an fhásaigh i dtír Iosrael: ‘Bhí Abrahám ina aonar nuair a ghabh sé oidhreacht na dúiche seo. Ach tá a lán againne ann anois agus is linne, ar ndóigh, an tír mar oidhreacht.’
25 “Tá go maith, abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Itheann sibh feoil a bhfuil fuil inti, tógann sibh bhur súile chun bhur n‑íol, agus doirteann sibh fuil; an síleann sibh mar sin fanacht i seilbh na talún?
26 Seasann sibh ar bhur gclaimhte, déanann sibh cionta gránna agus truaillíonn gach fear agaibh bean a chomharsan. An síleann sibh mar sin fanacht i seilbh na talún?
27 “Abair seo leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Dar mo bheo, na daoine atá san fhásach titfidh siad cinnte leis an gclaíomh; an fear ar an mblár folamh tabharfaidh mé do na hainmhithe allta é lena alpadh; éagfaidh lucht na ndaingean agus na bpluaiseanna leis an bplá.
28 Bánóidh agus léirscriosfaidh mé an tír, agus coiscfidh mé a cumhacht mórchúiseach. Beidh sléibhte Iosrael chomh bánaithe sin nach rachaidh aon duine tríothu arís.
29 Ansin tuigfidh siad gur mise an Tiarna, nuair a bhánóidh agus léirscriosfaidh mé an tír mar gheall ar na cionta gránna go léir a rinne siad.”
30 “A mhic an duine, tá do mhuintir ag caint ort ar na ballaí agus ag doirse na dtithe. Deir siad lena chéile: ‘Tar agus éist leis an mbriathar a ghabh amach ón Tiarna.’
31 Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte.
32 Féachann siad ortsa mar a bheadh [duine a chanann] amhrán grá ann á ghabháil go binn le tionlacan gléas ceoil. Éisteann siad le do bhriathra, ach ní dhéanann beart dá réir.
33 Nuair a thiocfaidh seo i gcrích, agus tiocfaidh gan teip, tuigfidh siad go raibh fáidh ina measc.”