Eizicéil 24 ABN

Fáthscéal an Phota

1 Sa naoú bliain, ar an deichiú lá den deichiú mí, tháinig briathar an Tiarna chugam.

2 “A mhic an duine, scríobh síos dáta an lae inniu, inniu féin. Chuir rí na Bablóine Iarúsailéim faoi léigear inniu féin.

3 Inis fáthscéal don dream ceannairceach seo agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia:Cuir an pota síos,Cuir síos é agus doirt uisce ann.

4 Cuir na spólaí feola isteach,gearrthóga den chéad scoth,an tsliasaid agus an slinneán;líon é le togha na gcnámh.

5 Glac togha an tréada,coinnigh connadh ina mholl fúithi.Tabhair ar an bpota fiuchadh leisionas go mbruithfear na cnámha féin.

6 “Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia:Is mairg don chathair fhuilteach,don phota meirgeachnach bhfuil a mheirg inghlanta!Taosc é greim ar ghreimgan crainn a chaitheamh.

7 Óir tá a fuil ina lár fós.D'fhág sí í ar charraig lom;níor dhoirt ar an talamhlena ceilt faoin deannach.

8 Chun mo chuthach a ghríosú,chun cúiteamh a bhaint amach,d'fhág mé a fuil ar charraig lomionas nach i bhfolach a bheadh sí.

9 “Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia:Is mairg don chathair fhuilteach!Déanfaidh mise craos tine.

10 Coinnigh an connadh léi, las í,bruith an fheoil go maith, spíosraigh í,dóitear na cnámha.

11 Cuir an pota folamh ansin ar na haibhleogago dtí go mbeidh a phrás te,go loiscfidh an prás ina chaor the,go leáfar an salachar istigh,go ndófar an mheirg.

12 “Ba in aisce a chaith mé mo neart leis: ní dhónn an mheirg throm sa tine.

13 Is í do ghraostacht ghránna an mheirg úd. De bhrí gur mhian liomsa tú a ghlanadh agus nár mhian leat féin é, ní ghlanfar arís thú go n‑ídeoidh mise mo chuthach ort.

14 Mise, an Tiarna, a labhair; fíorófar m'fhocal. Gníomhóidh mé agus ní rachaidh mé siar air; ní dhéanfaidh mé trua ná aithreachas; tabharfaidh mé breithiúnas ort de réir d'imeachtaí agus do ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Pianpháis an Fháidh

15 Tháinig briathar an Tiarna chugam fosta:

16 “A mhic an duine, bainfidh mé mian do shúl uait ar an toirt; ach ná bac a bheith ag mairgneach ná ag caoineadh ná ag sileadh deor.

17 Lig ochón asat os íseal, ná déan cumha ar son na marbh. Ceangail turban do chinn ort agus do chuaráin ar do chosa; ná clúdaigh do bhéal, ná hith arán na ndobrónach.”

18 D'inis mé an scéal sin don phobal ar maidin agus d'éag mo bhean chéile um thráthnóna. Maidin lá arna mhárach chuir mé i gcrích mar a ordaíodh dom.

19 Dúirt an pobal liom: “Nach n‑inseoidh tú dúinn cad é mar a bhaineann na gnóthaí seo agat linne?”

20 Dúirt mé leo ansin: “Tháinig briathar an Tiarna chugam:

21 ‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.

22 Déanfaidh sibh mar a rinne mise; ní chlúdóidh sibh bhur mbéal, ní íosfaidh sibh arán na ndobrónach.

23 Caithfidh sibh an turban ar bhur gcinn agus na cuaráin ar bhur gcosa; ní dhéanfaidh sibh gol ná gearán, ach cnaífidh sibh de bharr bhur bpeacaí, mairgneoidh sibh in bhur measc féin.

24 Beidh Eizicéil ina chomhartha daoibh. Déanaigí de réir mar rinne seisean. Nuair a thitfidh seo amach tuigfidh sibh gur mise an Tiarna Dia.’

25 “Agus, a mhic an duine, an lá a mbainfidh mé a mic agus a n‑iníonacha díobh, gurb iad a neart, a ngairdeas agus a nglóir iad, mian a súl agus dúil a n‑anama;

26 an lá sin tiocfaidh fear ar a theitheadh ag insint an scéil duit.

27 An lá sin osclóidh do bhéal chun labhairt leis an bhfear ar a theitheadh; labhróidh tú agus ní bheidh tú balbh a thuilleadh. Beidh tú i do chomhartha dóibh agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48