Eizicéil 14 ABN

I gCoinne an Íoladhartha

1 Tháinig dream de sheanóirí Iosrael chugam ansin agus shuigh os mo chomhair.

2 Tháinig briathar an Tiarna chugam:

3 “A mhic an duine, tá a gcroí istigh ag an dream seo sna híola atá acu; breathnaíonn siad le taitneamh ar bhunchúis a n‑urchóide. Ar chóir dom ligean dóibh mo thuairisc a chur ar chor ar bith?

4 Dá bhrí sin, labhair leo; abair seo leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cibé fear de mhuintir Iosrael a bhfuil a chroí istigh sna híola atá aige agus a bhreathnaíonn le taitneamh ar bhunchúis a urchóide agus a thagann ina dhiaidh sin chuig an bhfáidh, gheobhaidh sé freagra uaimse, an Tiarna, mar gheall ar iomad a íol’,

5 ionas go meallfaidh mé chugam na croíthe de mhuintir Iosrael go léir a thug cúl liom ar son a n‑íol.

6 “Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Déanaigí aithrí, iompaígí ó bhur n‑íola agus tréigigí bhur n‑imeachtaí gránna uile.

7 Cibé fear de mhuintir Iosrael - nó de na coimhthígh atá ag cur fúthu in Iosrael - a thugann cúl liomsa, a ghlacann chuige féin ina chroí istigh na híola atá aige, a shuíonn bunchúis a urchóide os a chomhair amach agus a thagann ina dhiaidhsean chuig fáidh ag cur mo thuairisce, freagróidh mise, an Tiarna, é de mo dheoin féin.

8 Diúltóidh mé don fhear sin, déanfaidh mé sampla agus solaoid de, gearrfaidh mé amach é as lár mo phobail, agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.

9 Má bhíonn an fáidh meallta, mise, an Tiarna, a mheall an fáidh sin; sínfidh mé amach mo lámh ina choinne agus scriosfaidh mé é as lár mo phobail, Iosrael.

10 Fulaingeoidh siad pionós agus beidh an pionós céanna ann don fháidh agus don duine a chuireann tuairisc;

11 ionas nach seachránfaidh muintir Iosrael uaim arís agus nach dtruailleoidh siad iad féin níos mó lena gcionta, ach go mbeidh siad ina bpobal agamsa agus mise i mo Dhia acusan - an Tiarna a labhraíonn.’ ”

Freagracht Phearsanta

12 Tháinig briathar an Tiarna chugam:

13 “A mhic an duine, dá bpeacódh tír i mo choinne trí mhídhílseacht agus go sínfinn amach mo lámh ina choinne, go mbrisfinn a stór aráin agus gorta a sheoladh chuige agus gach fear agus ainmhí ann a scrios as;

14 dá mbeadh fiú an triúr seo ann, Naoi, Dainéil agus Iób, ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin - an Tiarna Dia a labhraíonn.

15 Dá scaoilfinn ainmhithe allta ar fud na tíre agus go gcreachfaidís agus go mbánóidís é ionas nach mbeadh sé intaistil mar gheall ar na hainmhithe;

16 dá mbeadh fiú an triúr seo ann, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní thabharfaidís mac ná iníon slán ach iad féin amháin agus bhánófaí an talamh.

17 Nó dá dtabharfainn claíomh ar an tír sin agus a rá: Téadh an claíomh tríd an tír, agus go scriosfainn gach fear agus ainmhí amach as;

18 dá mbeadh fiú an triúr seo ann, ní thabharfaidís mac ná iníon slán ach iad féin amháin, dar mo bheo - is é an Tiarna a labhraíonn.

19 Nó dá seolfainn plá chun na tíre sin agus m'fhearg a ídiú ann le fuil ionas go scriosfaí gach fear agus ainmhí ann;

20 dá mbeadh fiú Naoi, Dainéil agus Iób ann, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin.

21 “Seo mar a deir an Tiarna: Nach mó fós a tharlóidh nuair a ghearrfaidh mé mo cheithre phionós nimhneacha ar Iarúsailéim - an claíomh, an gorta, ainmhithe allta agus an phlá - ionas go scriosfar ann gach fear agus ainmhí!

22 Ach má fhágtar aon duine ann le bhur mic agus bhur n‑iníonacha a tharrtháil; nuair a thiocfaidh siad chugaibh agus nuair a fheicfidh sibh a n‑iompar agus a ngníomhartha, gheobhaidh sibh sólás cúitimh as an olc a thug mé ar Iarúsailéim, as ar tharraing mé anuas uirthi.

23 Tabharfaidh siad sólás daoibh nuair a fheiceann sibh a n‑iompar agus a ngníomhartha; agus tuigfidh sibh nach gan fáth a rinne mé gach rud mar a rinne - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48