Eizicéil 18 ABN

Freagracht Phearsanta

1 Tháinig briathar an Tiarna chugam arís:

2 “Cad chuige a n‑aithriseann sibh an seanfhocal seo faoi thír Iosrael:D'ith a n‑aithreacha caora searbha;agus tá déistin ar fhiacla na clainne?

3 “Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní bheidh an seanfhocal seo sa chaint a thuilleadh eadraibh in Iosrael.

4 Féach, is liomsa an uile bheo, is liom anam an athar agus anam an mhic. An duine a pheacaíonn, eisean a éagfaidh.

5 “Géilleann an fíréan don dlí agus don cheart,

6 ní itheann sé ar na sléibhte, ní thógann sé a shúile chun íola mhuintir Iosrael, ní thruaillíonn sé bean a chomharsan, ní théann i ndáil mhná le linn a fola míosúla.

7 Ní imríonn sé éagóir ar aon duine, ach tugann sé a gheall ar ais dá fhéichiúnaí; ní ghoideann sé, ach tugann arán don ocrach agus éadaí don nocht.

8 Ní thugann sé uaidh ar úsaireacht, ní ghlacann sé brabús, staonann sé ón olc, tugann sé breithiúnas cóir idir duine agus duine;

9 siúlann sé de réir mo reachtanna agus comhlíonann mo dheasghnátha go cúramach. Tá a leithéid fíréanta dáiríre agus mairfidh sé go deimhin. Is é an Tiarna Dia a labhraíonn.

10 “Ach má ghineann sé bithiúnach fuilteach de mhac

11 nach ndéanann aon dualgas díobh seo, ach a itheann ar na sléibhte, a thruaillíonn bean a chomharsan,

12 a imríonn éagóir ar an mbochtán agus ar an ainniseoir, a ghoideann, nach dtugann geall ar ais, a thógann a shúile chun na n‑íol, a mbíonn imeachtaí gránna ar siúl aige,

13 a thugann uaidh ar úsaireacht agus a ghlacann brabús; an mairfidh seisean? Go deimhin, ní mhairfidh. Tar éis dó na coireanna gránna seo a dhéanamh éagfaidh sé cinnte agus beidh a chuid fola air féin.

14 “Ach má ghineann an fear seo mac a fheiceann na peacaí a rinne a athair, a ghabhann eagla agus nach ndéanann beart dá réir,

15 nach n‑itheann ar na sléibhte, nach dtógann a shúile chun íola mhuintir Iosrael, nach dtruaillíonn bean a chomharsan,

16 nach n‑imríonn éagóir ar aon duine, nach n‑éilíonn geall, nach ngoideann; ach a thugann arán don ocrach agus éadaí don nocht,

17 a staonann ón olc, nach dtugann uaidh ar úsaireacht agus nach nglacann brabús, a chomhlíonann mo dheasghnátha agus a shiúlann de réir mo reachtanna; ní éagfaidh seisean de bharr peacaí a athar, ach mairfidh sé go deimhin.

18 Ach de bhrí gur imir an t‑athair éagóir, gur chreach sé a dheartháir agus nach ndearna gar riamh i measc a mhuintire, éagfaidh sé cinnte de bharr a oilc.

19 “Deir sibh: ‘Cad chuige nach n‑iompraíonn an mac peacaí an athar?’ Má ghéilleann an mac don dlí agus don cheart agus mo dheasghnátha a chomhlíonadh go cúramach, mairfidh sé gan amhras.

20 An duine a pheacaíonn, éagfaidh sé. Ní bheidh an mac freagrach i bpeacaí an athar ná an t‑athair i bpeacaí an mhic; gheobhaidh an fíréan creidiúint as a fhíréantacht féin amháin agus an drochdhuine as a urchóid.

21 “Ach má thréigeann an drochdhuine na peacaí go léir a rinne sé, má chomhlíonann sé mo dheasghnátha uile agus géilleadh don dlí agus don cheart, mairfidh sé go deimhin; ní éagfaidh sé.

22 Na peacaí go léir a rinne sé ní labhrófar leis arís orthu; as an bhfíréantacht a chleacht sé mairfidh sé.

23 An mbainim sult as bás an drochdhuine? - an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach é mo mhian go dtréigfeadh sé a bhealaí agus go mairfeadh sé?

24 Ach má thréigeann an fíréan a fhíréantacht, agus olc a dhéanamh, agus imeachtaí gránna an drochdhuine a bheith ar siúl aige, an mairfidh sé? Ní bheidh aon trácht ar an bhfíréantacht a chleacht sé; de bhrí gur fheall sé agus gur pheacaigh sé, gheobhaidh sé bás.

25 “Ach deir sibhse: ‘Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.’ Éistigí liom, a mhuintir Iosrael; nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir?

26 Má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peacú, éagfaidh sé dá bharr; éagfaidh sé de bharr an oilc atá déanta aige.

27 Arís, má thréigeann an drochdhuine a pheacaí agus déanamh mar is ceart agus mar is cóir, tabharfaidh sé a bheatha slán.

28 De bhrí gur mhachnaigh sé agus gur thréig sé a pheacaí go léir mairfidh sé go deimhin; ní bhfaighidh sé bás.

29 Ach deir muintir Iosrael: ‘Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.’ A mhuintir Iosrael, nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir?

30 Dá bhrí sin, tabharfaidh mé breithiúnas ort, a mhuintir Iosrael; ar gach duine de réir a ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn. Déanaigí aithrí agus tréigigí bhur bpeacaí go léir; seachnaígí gach ócáid scannail agaibh.

31 Teilgigí uaibh na peacaí uile a rinne sibh orm; agus cothaígí ionaibh féin croí nua agus spiorad nua. Cad chuige gur toil libh bás a fháil, a mhuintir Iosrael?

32 Ní bhainimse sult as bás aon duine - an Tiarna Dia a labhraíonn. Ar an ábhar sin guím aithrí daoibh agus beatha.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48