Eizicéil 38 ABN

In Éadan Ghóg: An Chéad Tairngreacht

1 Tháinig briathar an Tiarna chugam:

2 “A mhic an duine, iompaigh i dtreo Ghóg, i dtír Mhágóg, ardphrionsa Mheisic agus Thúbál, agus tairngir ina choinne.

3 Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé i do choinne, a Ghóg, a ardphrionsa Mheisic agus Thúbál.

4 Casfaidh mé thart thú agus cuirfidh mé duáin i do ghialla; tarraingeoidh mé liom thú féin agus do shlua airm uile idir chapaill agus mharcaigh, agus iad go léir i gcath éide iomlán, tóstal mór ag iompar lúireach agus cruinnsciath, agus ag beartú claimhte.

5 Tá an Pheirs, Cúis agus Pút leo, cách lena sciath agus a chlogad;

6 tá Gomair agus a bhuíon go léir, Béit Tógarmá agus a bhuíon ón aird is faide ó thuaidh; tá a lán ciníocha in éineacht leat.

7 Bí réidh ullamh, tú féin agus do shluaite atá bailithe thart timpeall ort, agus bí faoi réir [agam].

8 “I ndiaidh mórán laethanta cuirfear tionól ort; i ndiaidh na mblianta gluaisfidh tú leat in éadan na tíre seo a tháinig slán ón gcogadh, tír inar bhailigh na daoine óna lán ciníocha ar shléibhte Iosrael a bhí riamh ina bhfásach, agus inar bhailigh siad ó na ciníocha chun cur fúthu tar éis dóibh uile teacht slán ón gclaíomh.

9 Gluaisfidh tú romhat ag dul ar aghaidh amhail stoirm agus clúdóidh tú an tír amhail néal, tú féin, do shlua agus a lán ciníocha i do chuideachta.

10 “Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá sin preabfaidh an smaoineamh isteach i do cheann agus beartóidh tú drochscéim.

11 Déarfaidh tú: ‘Ionsóidh mé tír seo na mbailte gan bhallaí; ionsóidh mé an mhuintir chiúin seo a chónaíonn ar a suaimhneas i mbailte atá gan bhallaí ná barraí ná geataí.’

12 Ar mhaithe le héadáil agus creach a bhreith liom ionsóidh mé na háiteanna fásaigh a bhfuil cónaí ar dhaoine arís iontu, an mhuintir seo a tháinig le chéile ó na ciníocha, a tháinig i seilbh eallaigh agus earraí, a chónaíonn i gceartlár an domhain.

13 Seabá agus Déadán, ceannaithe Thairsís agus a gcoileáin leon uile, fiafróidh siad díot: ‘An ar lorg creiche a tháinig tú? Ar thionóil tú na sluaite le héadáil a ghlacadh, le hairgead agus ór a bhreith leat, le heallach agus earraí a sciobadh agus creach mhór a ghabháil?’

In Éadan Ghóg: An Dara Tairngreacht

14 “Tairngir, a mhic an duine, dá bhrí sin. Abair le Góg: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nach fíor go bhfuil sé [ar intinn agat cur chun bóthair] agus mo phobal Iosraél ina suí go suaimhneach?

15 Fágfaidh tú do bhaile sna haird is faide ó thuaidh, thú féin agus a lán ciníocha leat, tóstal an-mhór, slua airm cumasach iad uile ar muin each.

16 Ionsóidh tú mo phobal Iosrael amhail néal ag clúdach na talún. Sna laethanta déanacha spreagfaidh mé thú chun mo thír a ghabháil i dtreo go n‑aithneoidh na ciníocha mé, nuair a bhainfidh mé feidhm asatsa, a Ghóg, chun mo naofacht a léiriú os a gcomhair.

17 “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ba ortsa a bhí mé a labhairt sna seanlaethanta trí mo sheirbhísigh, fáithe Iosrael, a thairngríodh ar feadh na mblianta sna laethanta sin go seolfainn thú ina n‑aghaidh.

18 Ach an lá a thabharfaidh Góg ruathar isteach i dtír Iosrael - an Tiarna Dia a labhraíonn - tiocfaidh fearg orm.

19 Dearbhaím agus cuthach éada orm: ‘Go deimhin beidh crith as cuimse i dtír Iosrael an lá sin.’

20 Éisc na farraige, éanlaith an aeir, ainmhithe an mhachaire, péisteanna na talún agus daoine uile an domhain, crithfidh siad i mo láthair. Leagfar na sléibhte, réabfar na hailteanna, titfidh gach balla go talamh.

21 Cuirfidh mé gach [sórt uafáis] ina bhealach - an Tiarna Dia a labhraíonn - beidh claíomh gach fir ag fealladh ar a chéile.

22 Gearrfaidh mé pionós air le plá agus le doirteadh fola. Fearfaidh mé tuile bháistí agus clocha sneachta, tine agus ruibh air féin, ar a shlua agus ar na ciníocha líonmhara a bheidh leis.

23 Mar sin a fhoilseoidh mé mo naofacht agus a chuirfidh mé mé féin in aithne dá lán ciníocha. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48