Eizicéil 23 ABN

Iarúsailéim agus an tSamáir: -- An Dá Dheirfiúr Dhrúisiúla

1 Tháinig briathar an Tiarna chugam:

2 “A mhic an duine, bhí beirt bhan ann, iníonacha aon mháthar amháin.

3 Chuaigh siad le striapachas san Éigipt, chuaigh le striapachas le linn a n‑óige. Rugadh barróg ar a gcíocha ansin agus rinneadh muirniú ar a mbrollaigh mhaighdeanúla.

4 Oholá ab ainm don sinsear agus Ohoilíbeá dá deirfiúr. Ba liomsa iad agus rug siad mic agus iníonacha. I dtaobh a n‑ainmneacha de ba í an tSamáir Oholá agus Iarúsailéim Ohoilíbeá.

5 “Mheirdrigh Oholá nuair ba liomsa í; shuirigh sí lena leannáin na hAsaírigh, a comharsana,

6 laochra in éide chorcra, rialtóirí agus uaisle, iad uile ina n‑ógánaigh tharraingteacha, oilte ar mharcaíocht chapall.

7 Rinne sí a striapachas leo - ba iad uile togha na nAsaíreach - agus thruailligh sí í féin le híola cách a ndearna sí suirí leo.

8 Níor thréig sí an striapachas a chleacht sí san Éigipt ina hóige nuair a luigh fir léi ag breith ar a brollach maighdeanúil agus á truailliú lena ndrúis.

9 Uime sin, thug mé suas i lámha a leannán í, i lámha na nAsaíreach a ndearna sí suirí leo.

10 D'fhág siadsan í tarnocht, ghabh siad a mic agus a hiníonacha, mharaigh siad ise leis an gclaíomh; agus d'imigh a míchlú i mbéal na mban nuair a cuireadh an breithiúnas uirthi i gcrích.

11 “Cé go bhfaca a deirfiúr Ohoilíbeá é sin ba thruaillithe fós ise ina suirí, ba mheasa a mheirdrigh sí ná a deirfiúr.

12 Shuirigh sí leis na hAsaírigh, idir rialtóirí agus uaisle, laochra in éide shómasach, marcaigh oilte ar chapaill, iad uile ina n‑ógánaigh tharraingteacha.

13 Chonaic mé go raibh sí mígheanmnaí, go raibh siad beirt chomh truaillithe lena chéile.

14 Ach mhéadaigh sise a striapachas chomh luath agus a chonaic sí fir tarraingthe ar bhallaí, íomhánna na gCaildéach daite le flanndearg -

15 criosanna crioslaithe thar a gcoim agus turbain mhaisiúla ar a gcinn, iad uile cinsealach mar uaisle - agus pictiúir de Bhablónaigh dar dhúchas dóibh Caildéa.

16 Chomh luath agus chonaic sí iad splancadh í ina ndiaidh agus sheol teachtairí chucu go Caildéa.

17 Tháinig na Bablónaigh chuici go leaba an ghrá agus thruailligh siad í lena ndrúis. Tar éis a truaillithe d'iompaigh sí uathu agus í dúdhóite leo.

18 Mheirdrigh sí agus tharnocht sí os comhair an tsaoil mhóir sa chruth gur thug mé cúl léi go samhnasach mar a thug lena deirfiúr.

19 Ach mhéadaigh fós ar a striapachas agus í ag cuimhneamh ar aimsir a hóige nuair a mheirdrigh sí i dtír na hÉigipte,

20 agus nuair a shuirigh sí le leannáin a raibh a mbaill mar bhaill asal agus a síol mar shíol capall.

21 Bhí tú ag tnúth le graostacht d'óige nuair a rug na hÉigiptigh barróg ar do bhrollach agus nuair a mhuirnigh siad d'ógchíocha.

22 “Dá bhrí sin, a Ohoilíbeá, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, gríosóidh mé i d'éadan na leannáin ar thug tú cúl leo go samhnasach; cruinneoidh mé i do choinne iad ó gach taobh,

23 na Bablónaigh agus na Caildéigh uile, lucht Phacód, Sheóa agus Chóa agus na hAsaírigh uile ina gcuideachta, iad go léir ina n‑ógánaigh tharraingteacha, rialtóirí agus tiarnaí, uaisle agus laochra, gach duine ar mhuin capaill.

24 Ionsóidh siad thú [aduaidh] le carbaid, le cóistí agus le slua daoine; cuirfidh siad sciath, lúireach agus clogad i do choinne ó gach taobh. Fágfaidh mé breithiúnas fúthu agus daorfaidh siad thú de réir a mbreithiúnais féin.

25 Díreoidh mé m'éad ort ionas go roinnfidh siad go han-bhorb leat; bainfidh siad do shrón agus do chluasa díot agus titfidh a mbeidh fágtha leis an gclaíomh. Ropfaidh siad do mhic agus d'iníonacha agus caithfear an fuílleach sa tine.

26 Sracfaidh siad do chuid éadaí díot agus sciobfaidh siad do sheoda leo.

27 Mar sin a thabharfaidh mé ort éirí as an ngraostacht agus an striapachas a thug tú leat ó thír na hÉigipte. Ní fhéachfaidh tú le bá i dtreo na nÉigipteach, ní chuimhneoidh tú orthu níos mó.

28 Óir, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé suas thú dóibhsean is gráin leat, dóibh siúd ar thug tú cúl leo le déistin.

29 Roinnfidh siad go fuafar leat, sciobfaidh siad toradh do shaothair leo agus fágfaidh thú lom tarnocht. Léireofar do striapachas mínáireach ar an dóigh sin. Do ghraostacht agus do striapachas ar aon

30 a thug an drochíde seo anuas ort, de bhrí gur mheirdrigh tú leis na ciníocha agus gur thruailligh tú thú féin lena n‑íola.

31 Lean tú sampla do dheirféar; dá bharr sin tabharfaidh sé a corn i do láimh.

32 Seo mar a deir an Tiarna Dia:Ólfaidh tú as corn do dheirféargo domhain agus go fairsing,corn a tharraingíonn fonóid agus magadh ortle flúirse na dí.

33 Líonfar thú le meisce agus le doilíos.Corn an uafáis agus an dóláis,corn do dheirféar, an tSamáir,

34 ólfaidh tú, diúgfaidh tú é.[Stoithfidh tú do chuid gruaige,]réabfaidh tú do chíocha.“Mise a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn.

35 Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur dhearmad tú mé agus gur thug tú cúl liom, ní mór duit díol as do ghraostacht agus do striapachas.”

36 Dúirt an Tiarna liom: “A mhic an duine, an toil leatsa breithiúnas a thabhairt ar Oholá agus ar Ohoilíbeá agus a n‑imeachtaí gránna a chur ina leith?

37 Óir rinne siad adhaltranas, tá fuil ar a lámha, rinne siad adhaltranas lena n‑íola. Na páistí a rug siad domsa rinne siad íobairtí dóite dá n‑íola díobh.

38 Tuilleadh fós a rinne siad orm, thruailligh siad mo shanctóir an lá céanna agus mhill siad mo shabóidí.

39 An uair a mharaigh siad a bpáistí mar íobairtí dá n‑íola tháinig siad faoi dhéin mo shanctóra-sa an lá céanna á thruailliú. Sea, sin mar a chruthaigh siad i mo theachsa.

40 “Níos measa fós, chuir siad fios trí theachtairí ar fhir teacht ó chian agus féach, tháinig siad. Nigh tú thú féin ar a son, dhathaigh tú do shúile, chóirigh tú thú féin le seoda;

41 shuigh tú ar leaba shómasach a raibh tábla lena hais ar ar chuir tú mo thúis agus m'ola.

42 Bhí ragairne an chomhluadair léi le cloisteáil os ard mar gheall ar an daoscar a tugadh isteach ón fhásach; chuir siad braisléid ar chaolta láimhe na mban agus corónacha breátha ar a gcinn.

43 Dúirt mé ansin: Nach ndéanann na fir seo adhaltranas anois nuair a mheirdríonn siad léi?

44 Óir chuaigh siad ina dáil amhail fir i ndáil striapaí. Ba mar seo a chuaigh siad i ndáil Oholá agus Ohoilíbeá, mná na graostachta.

45 Ach daorfaidh na fíréin iad mar bhanadhaltranaigh agus mar bhanmharfóirí, de bhrí gur banadhaltranaigh iad agus go bhfuil fuil ar a lámha.”

46 Deir an Tiarna Dia é seo: “Tabhair slua aníos ina gcoinne agus tabhair suas don uafás agus don chreach iad.

47 Clochfaidh an slua iad agus coscróidh leis an gclaíomh iad; maróidh siad a mic agus a n‑iníonacha agus dófaidh a dtithe.

48 Mar sin a choscfaidh mé graostacht sa tír, ionas go nglacfaidh an uile bhean chuici féin an rabhadh gan déanamh de réir bhur ngraostachta-sa.

49 Cúiteofar bhur ngraostacht libh agus luífidh oraibh ualach na bpeacaí a rinne sibh leis na híola. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna Dia.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48