Eizicéil 21 ABN

Claíomh an Tiarna

1 Tháinig briathar an Tiarna chugam:

2 “A mhic an duine, iompaigh ó dheas; labhair amach in aghaidh an deiscirt; tairngir in aghaidh fhoraois Neigib.

3 Abair le foraois Neigib: ‘Éist le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, lasfaidh mé tine ionat agus dófaidh sí gach crann glas ionat agus gach crann críon; beidh an tine ina caor domhúchta agus gach aghaidh ruadhóite léi, ón Neigib ó thuaidh.

4 Feicfidh an uile dhuine gur mise, an Tiarna, a las í; ní mhúchfar í.’ ”

5 Ansin dúirt mé: “A Thiarna Dia, tá siad ag rá fúm: ‘Nach é an fáthscéalaí é?’ ”

6 Tháinig briathar an Tiarna chugam:

7 “A mhic an duine, iompaigh i dtreo Iarúsailéim, cuir do mhallacht ar an sanctóir agus tairngir in aghaidh thír Iosrael.

8 Abair le tír Iosrael: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé i do choinne, nochtfaidh mé mo chlaíomh as a thruaill agus maróidh mé idir fhíréan agus chiontach.

9 Tarraingeoidh mé mo chlaíomh as a thruaill leis an bhfíréan agus an ciontach a leagan, ón Neigib ó thuaidh.

10 Tuigfidh gach duine gur mise, an Tiarna, a tharraing a chlaíomh as a thruaill; ní chuirfear ar ais ann arís é.’

11 “Lig ochón asat, a mhic an duine; lig ochón cráite agus caoineadh goirt asat ina láthair siúd.

12 Agus ar do cheistiú acu: ‘Cad chuige an mhairg?’, freagroidh tú: ‘Mar gheall ar an drochscéala. Nuair a thiocfaidh sé, caillfidh an uile chroí a mhisneach agus an uile lámh a neart; titfidh gach spiorad i bhfanntais agus gach glúin in ísle brí. Tá sé buailte linn agus rachaidh chun críche - an Tiarna Dia a labhraíonn.’ ”

13 Tháinig briathar an Tiarna chugam:

14 “A mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia. Abair:An claíomh! An claíomh!Tá faobhar agus snas ar an gclaíomh.

15 An faobhar don ár,an snas don drithliú.An cúis áthais é seo againngur dhíspeag sibh ríshlat mo mhicamhail gach sórt crainn?

16 Snasaítear é chun úsáide;faobhraítear agus snasaítear élena chur i láimh an mharfóra.

17 Lig uaill agus olagón asat, a mhic an duine.Tá sé i ndán do mo phobal,do phrionsaí uile Iosrael mar aon le mo phobal,atá tugtha suas don chlaíomh.Buail do cheathrú dá bhrí sin,

18 óir ní céadiarracht ar bith é seo.An bhfuil aon teorainn lena chumhachtmá dhíspeagann sibh an ríshlat?- an Tiarna Dia a labhraíonn.

19 A mhic an duine, tairngir agus buail bosa,titeadh an claíomh faoi dhó nó faoi thrí,claíomh seo na marbh,claíomh an áir mhóir a chiorclaíonn iad.

20 Ionas go mbeidh uamhan ina gcroíagus go dtitfidh mórshlua,tá claíomh ar tarraingt agamag an uile gheata;é ag drithliú agus faobhar air don ár.

21 Treascair leat ar dheis agus ar chlé,faobhar ar aghaidh.

22 Buailfidh mise bosa fosta;ídeoidh mé mo fhearg.Mise, an Tiarna, a labhair.”

Rí na Bablóine ag an gCrosbhealach

23 Tháinig briathar an Tiarna chugam arís:

24 “A mhic an duine, socraigh dhá bhealach do theacht chlaíomh rí na Bablóine; bíodh an dá bhealach ag teacht ón tír chéanna. Tóg cuaille eolais ag ceann an bhealaigh chun na cathrach;

25 socraigh bealach ar a dtiocfaidh an claíomh go Rábá na nAmónach agus go Iúdá agus go dún Iarúsailéim.

26 Óir seasann rí na Bablóine ag an ngabhal ag ceann an dá bhealach a dhéanamh fáistine. Craitheann sé na saigheada, téann i gcomhairle leis an taráfaím, iniúchann na haenna.

27 Titeann an tuar do Iarúsailéim ina láimh dheas: ní mór dó focal spreagtha chun áir a thabhairt, gáir chatha a fhógairt, reithí cogaidh a dhíriú ar na geataí, mótaí cré agus ballaí léigir a thógáil.

28 Dar le muintir na cathrach, iadsan a thug mionna, is fáistine bhréige í. Ach cuirfidh seisean a gcionta i gcuimhne dóibh ionas go ngabhfar iad.

29 “Uime sin, is mar seo a deir an Tiarna: De bhrí gur thug sibh fianaise ar bhur gciontacht an oiread sin, gur fhoilsigh sibh bhur gcoireanna, agus gur léirigh sibh bhur bpeacaí in bhur n‑uile imeachtaí; de bharr na fianaise seo gearrfar pionós oraibh.

30 Agus fútsa, a phrionsa aindiaga urchóidigh Iosrael, a bhfuil lá do phionóis báis buailte leat,

31 déarfaidh an Tiarna: Tógfar uait an turban, bainfear díot an choróin; ní fhanfaidh an saol mar atá; ardófar an t‑íseal agus ísleofar an t‑ard.

32 Ar lár, ar lár, ar lár a fhágfaidh mé í. Ní fhanfaidh an lorg is lú di nó go dtiocfaidh an fear ceart; is dósan a thabharfaidh mé í.”

In Éadan na nAmónach

33 “Tusa, a mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia faoi na hAmónaigh agus faoina masla: Abair: An claíomh, tá an claíomh ar tarraingt don ár, tá snas air chun scriosta agus chun drithlithe mar thintreach -

34 le linn d'fhíseanna baotha agus do chomhairle le fáistiní bréige - lena leagan ar mhuineál an lucht aindiaga urchóidigh a bhfuil lá a bpionóis báis buailte leo.

35 Cuir ar ais sa truaill é. Daorfaidh mé thú san áit ar cruthaíodh thú, i do thír dhúchais féin.

36 Silfidh mé mo dhíbheirg anuas ort, séidfidh mé tine mo chuthaigh i d'aghaidh, agus tabharfaidh mé suas thú i lámha lucht bhrúidiúil atá tugtha don scrios.

37 Beidh tú mar chonnadh don tine, beidh d'fhuil ag rith ar fud na tíre, ní chuimhneofar ort níos mó. Óir mise, an Tiarna, a labhair.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48