1 D'amharc mé ansin agus chonaic san fhirmimint os cionn chloigne na gceiribiní mar a bheadh saifír i riocht ríchathaoireach.
2 Dúirt sé leis an bhfear in éadach lín: “Imigh isteach idir na rothaí atá ag casadh thart faoi na ceiribíní; tóg mám d'aibhleoga as an tine atá idir na ceiribíní, agus scaip iad ar fud na cathrach.” Isteach leis agus mé ag amharc air.
3 Bhí na ceiribíní ina seasamh ar dheisceart an Teampaill ar dhul isteach don fhear; agus líonadh an chúirt inmheánach le néal.
4 D'éirigh glóir an Tiarna ó na ceiribíní go tairseach an tí; bhí an teach líonta leis an néal agus an chúirt lán de ghile ghlóir an Tiarna.