3 Bhí na ceiribíní ina seasamh ar dheisceart an Teampaill ar dhul isteach don fhear; agus líonadh an chúirt inmheánach le néal.
4 D'éirigh glóir an Tiarna ó na ceiribíní go tairseach an tí; bhí an teach líonta leis an néal agus an chúirt lán de ghile ghlóir an Tiarna.
5 Bhí fuaim sciatháin na gceiribiní le clos fad leis an gcúirt sheachtrach, dála ghuth Dé Uilechumhachtaigh nuair a labhraíonn sé.
6 Nuair a d'ordaigh sé d'fhear an éadaigh lín aibhleoga a ghlacadh ón tine a bhí faoi na rothaí idir na ceiribíní, chuaigh sé isteach agus sheas in aice le roth.
7 Shín ceiribín amháin a lámh (idir na ceiribíní) i dtreo na tine a bhí idir na ceiribíní, agus thóg aibhleoga di agus chuir i lámha fhear an éadaigh lín iad. Ghlac seisean iad agus d'imigh amach.
8 Chonacthas [dom] go raibh mar a bheadh lámh duine faoina sciatháin ag na ceiribíní.
9 D'amharc mé: bhí ceithre roth le hais na gceiribíní, roth le hais gach ceiribín acu; bhí cuma na rothaí mar dhrithliú criosailít.