6 Nuair a d'ordaigh sé d'fhear an éadaigh lín aibhleoga a ghlacadh ón tine a bhí faoi na rothaí idir na ceiribíní, chuaigh sé isteach agus sheas in aice le roth.
7 Shín ceiribín amháin a lámh (idir na ceiribíní) i dtreo na tine a bhí idir na ceiribíní, agus thóg aibhleoga di agus chuir i lámha fhear an éadaigh lín iad. Ghlac seisean iad agus d'imigh amach.
8 Chonacthas [dom] go raibh mar a bheadh lámh duine faoina sciatháin ag na ceiribíní.
9 D'amharc mé: bhí ceithre roth le hais na gceiribíní, roth le hais gach ceiribín acu; bhí cuma na rothaí mar dhrithliú criosailít.
10 Bhí an chuma chéanna ar an gceathrar agus iad mar a bheadh roth i lár rotha.
11 Ag gluaiseacht dóibh d'imigh siad i dtreo aon cheann de na ceithre threo gan claonadh óna gcursa; cibé treo a dtéadh an roth tosaigh leanadh na rothaí eile é, gan claonadh óna gcúrsa.
12 Bhí a gcoirp agus a ndroimeanna, a lámha agus a sciatháin, agus a rothaí lán de shúile thart timpeall - is é sin na rothaí a bhí ag an gceathrar.