1 Thóg an spiorad ansin mé agus rug mé go geata thoir Theampall an Tiarna, an geata a fhéachann soir. Ar an mbealach isteach ag an ngeata bhí cúigear fear is fiche agus ina measc chonaic mé Iázainia mac Azur agus Palaitia mac Bhanáiá, uachtaráin an phobail.
2 “A mhic an duine,” arsan Tiarna, “seo lucht na drochchomhcheilge a thugann comhairle a haimhleasa don chathair seo;
3 na daoine a deir: ‘[Nach bhfuil] sé in am againn tithe a thógáil? Is coire an chathair seo agus is sinne an fheoil.’
4 Dá bhrí sin, tairngir ina gcoinne, tairngir, a mhic an duine!”
5 Tháinig spiorad an Tiarna anuas orm agus dúirt sé liom: “Abair: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Sin mar a mheasann sibh, a mhuintir Iosrael, mar tá fios bhur smaointe agamsa.