10 Titfidh sibh leis an gclaíomh ar thalamh Iosrael, gearrfaidh mé pionós oraibh agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.
11 Ní bheidh an chathair seo ina coire agaibh ná sibhse in bhur bhfeoil istigh; gearrfaidh mé pionós oraibh ar thalamh Iosrael,
12 agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna. Níor shiúil sibh de réir mo reachtanna agus níor chomhlíon sibh mo dheasghnátha; ach chleacht sibh gnásanna na gciníocha máguaird.’ ”
13 Tharla, agus mé ag tairngreacht, gur éag Palaitia mac Bhanáiá. Shléacht mé go talamh agus bhéic os ard: “A Thiarna Dia, an bhfuil sé leagtha amach agat iarmhar Iosrael a dhíothú?”
14 Tháinig briathar an Tiarna chugam ansin:
15 “A mhic an duine, do bhráithre - is é sin do dheartháireacha, fir do chine, muintir iomlán Iosrael - dúirt muintir Iarúsailéim leo: ‘D'imigh sibhse i bhfad ón Tiarna; is dúinne a tugadh an tír seo mar oidhreacht.’
16 Abair, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cé gur theilg mé i bhfad uaim iad i measc na gciníocha agus gur scaip mé iad ar fud na dtíortha, ba shanctóir dóibh mé ar feadh tamaill sa tír ina ndeachaigh siad.’