21 Ach i dtaobh an dreama a dtéann a gcroí sa tóir ar uafáis agus ar imeachtaí gránna, cúiteoidh mé a ngníomhartha leo féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
22 Ansin spréigh na ceiribíní a sciatháin amach agus na rothaí lena n‑ais, agus bhí glóir an Tiarna os a gcionn.
23 D'éirigh glóir an Tiarna ó lár na cathrach agus sheas ar an sliabh ar oirthear na cathrach.
24 Thóg an spiorad mé agus rug mé i bhfís ó spiorad Dé go Caildéa, chuig na deoraithe. An fhís a chonaic mé d'imigh sí ar shiúl uaim ansin,
25 agus d'inis mé do na deoraithe ar thaispeáin an Tiarna dom.