6 Mhéadaigh sibh líon bhur marbh sa chathair seo, líon sibh na sráideanna le corpáin.
7 Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna: Na mairbh a leag sibh inti, is iadsan an fheoil agus is í an chathair an coire; ach tá sé ar intinn agam sibh a thiomáint amach aisti.
8 B'eagal libh an claíomh agus tabharfaidh mé an claíomh anuas oraibh - an Tiarna Dia a labhraíonn.
9 Tiomáinfidh mé amach sibh, tabharfaidh mé suas do na coimhthígh sibh, agus gearrfaidh mé pionós oraibh.
10 Titfidh sibh leis an gclaíomh ar thalamh Iosrael, gearrfaidh mé pionós oraibh agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.
11 Ní bheidh an chathair seo ina coire agaibh ná sibhse in bhur bhfeoil istigh; gearrfaidh mé pionós oraibh ar thalamh Iosrael,
12 agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna. Níor shiúil sibh de réir mo reachtanna agus níor chomhlíon sibh mo dheasghnátha; ach chleacht sibh gnásanna na gciníocha máguaird.’ ”