18 “A mhic an duine, bí ar crith agus tú ag ithe do chuid aráin; bíodh eagla d'anama ort agus tú ag ól uisce.
19 Abair le pobal na tíre: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia faoi áitritheoirí Iarúsailéim i dtír Iosrael: Íosfaidh siad a n‑arán le faitíos agus ólfaidh siad a n‑uisce le huafás, toisc go mbeidh an tír ina fásach lom ó fhoréigean na n‑áitritheoirí.
20 Bánófar na cathracha cónaithe agus scriosfar an tír; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.’ ”
21 Tháinig briathar an Tiarna chugam:
22 “A mhic an duine, cad é an seanfhocal úd atá agaibh i dtír Iosrael a deir: ‘Éiríonn na laethanta fada agus tagann deireadh le gach fís’?
23 Abair leo, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cuirfidh mise deireadh leis an seanfhocal seo agus ní bhainfidh siad feidhm as mar sheanfhocal níos mó in Iosrael.’ Ach abair leo: ‘Tá na laethanta ar láimh agus cuirfear gach fís i gcrích.
24 Óir ní bheidh feasta i measc mhuintir Iosrael fís bhaoth ná tairngreacht bhréige.