23 Abair leo, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cuirfidh mise deireadh leis an seanfhocal seo agus ní bhainfidh siad feidhm as mar sheanfhocal níos mó in Iosrael.’ Ach abair leo: ‘Tá na laethanta ar láimh agus cuirfear gach fís i gcrích.
24 Óir ní bheidh feasta i measc mhuintir Iosrael fís bhaoth ná tairngreacht bhréige.
25 Ach mise, an Tiarna, a labhróidh an briathar agus cuirfear i gcrích é. Ní bheidh a thuilleadh cairde ann; ach, a dhream cheannaircigh, labhróidh mé an briathar agus cuirfidh i gcrích é le bhur linn - an Tiarna Dia a labhraíonn.’ ”
26 Tháinig briathar an Tiarna chugam arís:
27 “A mhic an duine, féach, deir muintir Iosrael: ‘An fhís a fheiceann sé tá sí mórán laethanta uainn fós; tairngríonn sé faoi am i bhfad romhainn.’
28 Dá bhrí sin, abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ní chuirfear aon chuid de mo bhriathra ar cairde a thuilleadh, ach an briathar a labhraím cuirfear i gcrích é - an Tiarna Dia a labhraíonn.’ ”