7 Rinne mé mar a ordaíodh dom. Thug mé mo mhála taistil amach de lá amhail mála taistil deoraí, agus um tráthnóna thochail mé tríd an mballa le mo lámha féin. Chuaigh mé amach sa dorchadas ag iompar mo mhála ar mo ghualainn os a gcomhair.
8 Tháinig briathar an Tiarna chugam ar maidin:
9 “A mhic an duine, nár fhiafraigh muintir Iosrael, an dream ceannairceach sin, díot cad a bhí ar siúl agat?
10 Abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Baineann an tairngreacht seo leis an uachtarán in Iarúsailéim agus le muintir uile Iosrael atá ansin.’
11 Abair: ‘Is comhartha mise daoibh: mar a rinne mise déanfar amhlaidh leosan; rachaidh siad ar deoraíocht, i mbraighdeanas.’
12 An t‑uachtarán ina measc tógfaidh sé a mhála taistil ar a ghualainn sa dorchadas agus imeoidh sé leis; tochlóidh sé tríd an mballa agus rachaidh sé amach. Clúdóidh sé a aghaidh ionas nach bhfeicfidh sé an talamh lena shúile.
13 Leathnóidh mise mo líon air agus rachaidh sé i bhfostú i mo mhogall; tabharfaidh mé liom é go dtí an Bhablóin i dtír na gCaildéach, cé nach bhfeicfidh sé é; agus gheobhaidh sé bás ansin.