8 Tháinig briathar an Tiarna chugam ar maidin:
9 “A mhic an duine, nár fhiafraigh muintir Iosrael, an dream ceannairceach sin, díot cad a bhí ar siúl agat?
10 Abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Baineann an tairngreacht seo leis an uachtarán in Iarúsailéim agus le muintir uile Iosrael atá ansin.’
11 Abair: ‘Is comhartha mise daoibh: mar a rinne mise déanfar amhlaidh leosan; rachaidh siad ar deoraíocht, i mbraighdeanas.’
12 An t‑uachtarán ina measc tógfaidh sé a mhála taistil ar a ghualainn sa dorchadas agus imeoidh sé leis; tochlóidh sé tríd an mballa agus rachaidh sé amach. Clúdóidh sé a aghaidh ionas nach bhfeicfidh sé an talamh lena shúile.
13 Leathnóidh mise mo líon air agus rachaidh sé i bhfostú i mo mhogall; tabharfaidh mé liom é go dtí an Bhablóin i dtír na gCaildéach, cé nach bhfeicfidh sé é; agus gheobhaidh sé bás ansin.
14 Agus cách dá bhfuil thart air idir chúntóirí agus thrúpaí, scaipfidh mé iad le gach gaoth agus nochtfaidh mé claíomh ina ndiaidh.