1 Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2 “A mhic an duine, tairngir i gcoinne fháithe Iosrael, tairngir agus abair leosan a thairngríonn as a stuaim féin: ‘Éistigí le briathar an Tiarna.’
3 Seo mar a deir an Tiarna Dia: Is mairg do na fáithe baotha a leanann a spiorad féin gan aon rud a fheiceáil.
4 Tá d'fháithe amhail sionnaigh i lár fothrach, a Iosrael.