11 Abair leo siúd a dhathaíonn é le haol go dtitfidh sé. Beidh tuile bháistí ann, titfidh clocha móra sneachta, séidfidh stoirm ghaoithe;
12 agus nuair a thitfidh an balla nach ndéarfar libh: ‘Cá bhfuil an t‑aol lenar dhathaigh sibh é?’
13 Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Scaoilfidh mé stoirm ghaoithe lena réabadh agus fearg orm, scaoilfidh tuile bháistí agus cuthach orm, clocha móra sneachta agus fraoch orm.
14 Scriosfaidh mé an balla a dhathaigh sibh le haol agus teilgfidh mé go talamh é, ionas go bhfágfar a bunsraith nocht. Titfidh sé agus caillfear sibhse ina lár; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.
15 “Sin mar a ídeoidh mé mo fhearg ar an mballa agus orthusan a dhathaigh é le haol. Déarfaidh mé libh: Tá deireadh leis an mballa agus leo siúd a dhathaigh é,
16 leis na fáithe sin de chuid Iosrael a thairngir faoi Iarúsailéim agus a chonaic físeanna síochána nuair nach raibh aon síocháin ann - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
17 “Tusa, a mhic an duine, iompaigh in aghaidh iníonacha do mhuintire a thairngríonn as a stuaim féin; tairngir ina gcoinne.