17 “Tusa, a mhic an duine, iompaigh in aghaidh iníonacha do mhuintire a thairngríonn as a stuaim féin; tairngir ina gcoinne.
18 Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Is mairg do na mná a fhuann rufaí ar an uile chaol láimhe, a dhéanann caillí cinn do chách idir ard agus íseal, chun anamacha a chur i sáinn. An ndéanfaidh sibhse anamacha mo phobail a chur i sáinn agus aire a thabhairt d'anamacha eile ar mhaithe libh féin?
19 Mhaslaigh sibh mise os comhair mo phobail féin ar son dornáin eorna agus blúirí aráin, á marú siúd nár chóir a mharú agus ag cothú dream nár chóir a chothú, trí bhréaga a insint do mo phobal a dtaitníonn leo éisteacht le bréaga.
20 “Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Is beag orm bhur rufaí lena dtóraíonn sibh na hanamacha (amhail éanlaith); réabfaidh mé ó chaolta bhur lámh iad agus fuasclóidh mé na hanamacha a thóraíonn sibh amhail éanlaith.
21 Réabfaidh mé bhur gcaillí mar an gcéanna, saorfaidh mé mo phobal uaibh agus ní bheidh siad i ngreim mar chreach agaibh feasta; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.
22 De bhrí gur chuir sibh imní le bréaga ar an bhfíréan nár chuir mise imní air; agus gur spreag sibh an ciontach ionas nach gcasfadh sé óna drochiompar lena bheatha a shlanú;
23 dá bhrí sin uile, ní fheicfidh sibh níos mó na físeanna baotha, ní dhéanfaidh sibh fáistine; fuasclóidh mé mo phobal as bhur lámha. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.”