1 Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2 “A mhic an duine conas a sháraíonn adhmad na fíniúna aon adhmad eile ó chraobh crainn san fhoraois?
3 An mbaintear a hadhmadle haon rud a dhéanamh as?An mbaintear bacán asle soitheach a chrochadh air?
4 Féach ansin é!á chaitheamh ar an tine mar chonnadh.Dónn an tine dhá cheann;deargann an lár ina aibhleog;An bhfuil maith ar bith ann a thuilleadh?
5 Nuair a bhí sé iomlánní raibh aon mhaith annle haon rud a dhéanamh as;anois agus é dóite gualaithenach lú fós an mhaith atá ann?
6 “Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dála adhmad na fíniúna i measc crainn na foraoise a thug mé don tine mar chonnadh, mar sin a chaithfidh mé áitritheoirí Iarúsailéim uaim.