1 Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2 “A mhic an duine, cuir tomhas amach, inis fáthscéal do mhuintir Iosrael.
3 Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia:Iolar mór,mórsciathánach, fadeiteogach,le clúmh tiubh ildathach,a tháinig go dtí an Liobáin.Rug sé ar bharr an chéadrais,
4 bhris an beangán úr ar bharr,thug leis é go tír thráchtála,agus leag síos é i gcathair cheannaithe.
5 Ansin ghlac sé de shíol fíniúna,agus chuir in ithir thorthúil é,i gcóngar uiscí líonmhara,á chur mar chraobhóg shailí.
6 Ghin an síol agus d'fhás ina fhíniúin,a bhí íseal agus leathan.D'fhás na géaga i dtreo an iolairagus na fréamhacha síos sa talamh.Tháinig ann dó mar fhíniúin,thug géaga uaidh agus chuir amach duilliúir.