5 Ansin ghlac sé de shíol fíniúna,agus chuir in ithir thorthúil é,i gcóngar uiscí líonmhara,á chur mar chraobhóg shailí.
6 Ghin an síol agus d'fhás ina fhíniúin,a bhí íseal agus leathan.D'fhás na géaga i dtreo an iolairagus na fréamhacha síos sa talamh.Tháinig ann dó mar fhíniúin,thug géaga uaidh agus chuir amach duilliúir.
7 Bhí iolar mór [eile] ann,mórsciathánach, dlúthchlúmhach.Féach, chlaon an fhíniúina fréamhacha ina threo,agus scaoil a géaga ina threo,amach ón gceapach inar síoladh í,ionas go n‑uisceodh sé í.
8 Ba in ithir thorthúili gcóngar uiscí líonmharaa cuireadh an fhíniúin,chun géaga a fhás, chun torthaí a bhreith,agus aibiú mar fhíniúin uasal.
9 Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia:An mbeidh an rath uirthi seo?Nach mbrisfidh an t‑iolar na fréamhachaagus na torthaí a ropadh leis,ionas go bhfeofaidh an duilliúr úrnuair a phéacfaidh sé?Ní bheidh gá le neart ná le slualena tarraingt aníos ó na fréamhacha.
10 Tá sí curtha ansin; an mbeidh an rath uirthi?Nach seargfaidh sínuair a shéideann an ghaoth anoir uirthi?Nach bhfeofaidh sí san ithir inar fhás?”
11 Tháinig briathar an Tiarna chugam ansin: