3 Thóg sí coileán acu agus d'fhás sé ina leon óg;d'fhoghlaim sé breith ar an gcreach,agus thosaigh ag alpadh fear.
4 Thóg na ciníocha an gháir ina choinne,gabhadh ina bpoll é;agus thug siad le crucaígo tír na hÉigipte é.
5 Nuair a chonaic [an mháthair] í féin cloíteagus ábhar a dóchais caillte,ghlac sí coileán eile dá cuidagus thóg ina leon óg é.
6 Chuaigh sé ar a sheilg i measc na leon,d'fhás ina leon óg,d'fhoghlaim sé breith ar an gcreachagus thosaigh ag alpadh fear.
7 Scrios sé a gcaisleáinagus bhánaigh a gcathracha;scanraigh an tír agus a raibh intiag callán a bhúiríola.
8 Ghluais na ciníocha ansin ina choinneó na cúigí máguaird;leathnaigh siad a n‑eangach thairis;gabhadh ina bpoll é.
9 Ghabh siad i gcarcair é le crúcaíagus rug leo é go rí na Bablóine;chuir siad i mbraighdeanas éionas nach gcluinfí a ghlór arísar shléibhte Iosrael.’