10 Threoraigh mé iad amach as tír na hÉigipte agus isteach san fhásach.
11 Thug mé mo reachtanna dóibh agus thaispeáin mo dheasghnátha dóibh, deasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh.
12 Lena chois sin thug mé mo shabóidí dóibh mar chomhartha idir mise agus iadsan, ionas go mbeadh fhios acu gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn iad.
13 Ach d'éirigh muintir Iosrael amach i mo choinne san fhásach; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, ach dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, agus thruailligh siad mo shabóidí go mór.“Shocraigh mé ansin go ndoirtfinn mo dhíoltas anuas orthu san fhásach á léirscrios.
14 Ach d'oibrigh mé ar mhaithe le m'ainm ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha, os a gcomhair siúd ar sheol mé amach iad.
15 Mhionnaigh mé dóibh fosta san fhásach nach dtreoróinn iad isteach sa tír a cheap mé dóibh, an tír a bhfuil bainne agus mil ina slaoda inti agus a sháraíonn tíortha an domhain;
16 de bhrí gur dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha, nár shiúil siad de réir mo reachtanna, agus gur thruailligh siad mo shabóidí, óir luigh a gcroí lena n‑íola.