13 Ach d'éirigh muintir Iosrael amach i mo choinne san fhásach; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, ach dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, agus thruailligh siad mo shabóidí go mór.“Shocraigh mé ansin go ndoirtfinn mo dhíoltas anuas orthu san fhásach á léirscrios.
14 Ach d'oibrigh mé ar mhaithe le m'ainm ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha, os a gcomhair siúd ar sheol mé amach iad.
15 Mhionnaigh mé dóibh fosta san fhásach nach dtreoróinn iad isteach sa tír a cheap mé dóibh, an tír a bhfuil bainne agus mil ina slaoda inti agus a sháraíonn tíortha an domhain;
16 de bhrí gur dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha, nár shiúil siad de réir mo reachtanna, agus gur thruailligh siad mo shabóidí, óir luigh a gcroí lena n‑íola.
17 Ina dhiaidh sin agus uile ghlac mé trua dóibh; níor bhasc ná níor léirscrios mé san fhásach iad.
18 “Dúirt mé lena gclann san fhásach: Ná siúlaigí de réir reachtanna bhur n‑aithreacha, ná comhlíonaigí a ndeasghnátha, ná truailligí sibh féin lena n‑íola.
19 Is mise an Tiarna, bhur nDia. Siúlaigí de réir mo reachtanna agus comhlíonaigí mo dheasghnátha go cúramach.