20 Naomhaígí mo shabóidí ionas go mba chomhartha iad idir mise agus sibhse, ionas go dtuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, bhur nDia.
21 Ach d'éirigh an chlann amach i mo choinne; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, níor chomhlíon siad mo dheasghnátha go cúramach a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, thruailligh siad mo shabóidí.“Shocraigh mé ansin mo dhíbheirg a dhoirteadh anuas orthu agus mo chuthach a ídiú orthu san fhásach.
22 Ach tharraing mé siar agus d'oibrigh ar mhaithe le m'ainm, ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha, os a gcomhair siúd ar sheol mé amach iad.
23 Lena chois sin mhionnaigh mé dóibh san fhásach go scaoilfinn i measc na gciníocha iad agus go scaipfinn iad ar fud na dtíortha;
24 de bhrí nár chomhlíon siad mo dheasghnátha ach gur dhiúltaigh siad do mo reachtanna agus gur thruailligh siad mo shabóidí agus go raibh lán na súl á bhaint acu as íola a n‑aithreacha.
25 Uime sin, thug mé reachtanna gan tairbhe dóibh agus deasghnátha nach dtabharfadh beatha dóibh.
26 Thruailligh mé iad lena mbronntanais féin, ag tabhairt orthu a gcéadghinte a íobairt le tine, ionas go mbuailfeadh uafás iad; rinne mé amhlaidh le go dtuigfidís gur mise an Tiarna.