27 “Dá bhrí sin, a mhic an duine, labhair le muintir Iosrael. Abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mhaslaigh bhur n‑aithreacha mé sa rud seo arís trí fheall a imirt orm.
28 Nuair a thug mé isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabhairt dóibh, d'ofrálaidís a n‑íobairtí agus a mbronntanais bhearránacha, aon áit a bhfeicidís cnoc ard nó crann duilleach. Ansin mar an gcéanna a scaoilidís a mboladh cumhra agus a dhoirtidís a ndeochanna ofrála.
29 Dúirt mé leo ansin: Cad is ainm don áit ard a dtéann sibh chuige? Bámá a thugann siad air go dtí an lá inniu dá bhrí sin.
30 Uime sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An dtruailleoidh sibhse sibh féin ar nós bhur n‑aithreacha, ag dul ar seachrán i ndiaidh a nithe gránna?
31 Má ofrálann sibh bhur mbronntanais, má íobraíonn sibh bhur gclann mhac sa tine, agus sibh féin a thruailliú le bhur n‑uile íola go dtí an lá inniu féin, an bhféadaim ligean daoibh dul i gcomhairle liom? Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní rachaidh sibh i gcomhairle liom.
32 “Ní thitfidh sé amach ar chor ar bith de réir an smaoineamh seo in bhur n‑aigne: ‘Bímis amhail na náisiúin, amhail ciníocha na dtíortha, ag adhradh adhmaid agus cloiche.’
33 Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - is mise go deimhin a bheidh ina rí oraibh le láimh láidir agus géag sínte agus taom feirge.