30 Uime sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An dtruailleoidh sibhse sibh féin ar nós bhur n‑aithreacha, ag dul ar seachrán i ndiaidh a nithe gránna?
31 Má ofrálann sibh bhur mbronntanais, má íobraíonn sibh bhur gclann mhac sa tine, agus sibh féin a thruailliú le bhur n‑uile íola go dtí an lá inniu féin, an bhféadaim ligean daoibh dul i gcomhairle liom? Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní rachaidh sibh i gcomhairle liom.
32 “Ní thitfidh sé amach ar chor ar bith de réir an smaoineamh seo in bhur n‑aigne: ‘Bímis amhail na náisiúin, amhail ciníocha na dtíortha, ag adhradh adhmaid agus cloiche.’
33 Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - is mise go deimhin a bheidh ina rí oraibh le láimh láidir agus géag sínte agus taom feirge.
34 Tabharfaidh mé amach as na ciníocha sibh, cruinneoidh mé sibh le láimh láidir agus géag sínte agus taom feirge ó na tíortha inar scaipeadh sibh;
35 agus tabharfaidh mé sibh go Fásach na Náisiún, áit a ndaorfaidh mé sibh agus sinn i láthair a chéile.
36 Dála mar a dhaor mé bhur n‑aithreacha san fhásach i dtír na hÉigipte, daorfaidh mé sibhse mar an gcéanna - an Tiarna Dia a labhraíonn.