32 “Ní thitfidh sé amach ar chor ar bith de réir an smaoineamh seo in bhur n‑aigne: ‘Bímis amhail na náisiúin, amhail ciníocha na dtíortha, ag adhradh adhmaid agus cloiche.’
33 Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - is mise go deimhin a bheidh ina rí oraibh le láimh láidir agus géag sínte agus taom feirge.
34 Tabharfaidh mé amach as na ciníocha sibh, cruinneoidh mé sibh le láimh láidir agus géag sínte agus taom feirge ó na tíortha inar scaipeadh sibh;
35 agus tabharfaidh mé sibh go Fásach na Náisiún, áit a ndaorfaidh mé sibh agus sinn i láthair a chéile.
36 Dála mar a dhaor mé bhur n‑aithreacha san fhásach i dtír na hÉigipte, daorfaidh mé sibhse mar an gcéanna - an Tiarna Dia a labhraíonn.
37 Tabharfaidh mé oraibh siúl faoi mo shlat; tabharfaidh mé sibh faoi chuing an chonartha.
38 Scagfaidh mé na ceannaircigh as bhur measc, iadsan a d'éirigh amach i mo choinne. Tabharfaidh mé amach iad as an tír ina gcónaíonn siad, ach ní bhainfidh siad tír Iosrael amach; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.