13 “Buailim bosa, dá bhrí sin, mar gheall ar do ghnóthú neamhionraic agus an fhuil a doirteadh in bhur measc.
14 An mbeidh tú in ann greim a choinneáil ar do mhisneach, nó do lámh a choinneáil láidir, an lá a dtabharfaidh mé chun cúitimh thú? Mise, an Tiarna, a labhair agus cuirfidh mé i gcrích é.
15 Ruaigfidh mé thú i measc na gciníocha, scaipfidh mé thú ar fud na dtíortha agus scagfaidh mé an salachar asat.
16 Gheobhaidh mé easonóir uait os comhair na gciníocha agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.”
17 Tháinig briathar an Tiarna chugam:
18 “A mhic an duine, is suarach liom muintir Iosrael: amhail prás, stán, iarann agus luaidhe sa chorcán leáite, níl iontu go léir ach sail mhiotail.
19 Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur sail mhiotail sibh uile, féach, cruinneoidh mé isteach i lár Iarúsailéim sibh.