15 Ruaigfidh mé thú i measc na gciníocha, scaipfidh mé thú ar fud na dtíortha agus scagfaidh mé an salachar asat.
16 Gheobhaidh mé easonóir uait os comhair na gciníocha agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.”
17 Tháinig briathar an Tiarna chugam:
18 “A mhic an duine, is suarach liom muintir Iosrael: amhail prás, stán, iarann agus luaidhe sa chorcán leáite, níl iontu go léir ach sail mhiotail.
19 Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur sail mhiotail sibh uile, féach, cruinneoidh mé isteach i lár Iarúsailéim sibh.
20 Mar a chruinnítear airgead agus prás, iarann, luaidhe agus stán sa chorcán chun tine a shéideadh orthu á leá, sin mar a chruinneoidh mé sibhse agus cuthach feirge orm; agus leáfaidh mé ann sibh.
21 Cruinneoidh mé sibh agus séidfidh mé oraibh le tine mo chuthaigh agus leáfar sibh i lár báire.